Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/74

This page has not been proofread.

64

an madaḋ allta a ṡluigeaḋ salaċar ar biṫ. Agus annseo agus annsúid ar fud an ṁaċaire, do ċonnaic sé na carnáin ċnáṁ ’san áit a ṫuiteaḋ an duine nó an beiṫiḋeaċ.....

“Aba-Cána-Lú! Aba-Cána-Lú!” ar an glór arís. An glór úd a ḃí ’ġá ṁeallaḋ isteaċ ’san ḃfásaċ. Glór a ṁic mar ṡíl sé. Faoi ḃun sgeiċe cuṁarṫa a ḃí sé nuair a ċuala sé an uair seo é, aċt ḃí sé ró-lag ró-ṫuirseaċ ró-ṫugṫa le freagra ṫaḃairt air. Ní raiḃ ann éiriġe. Ní raiḃ ann súil féin a ḟosgailt. Is ar éigin a ḃí a ṁoṫuġaḋ ann, aċt ḃí na focail úd, ‘Aba-Cána-Lú,’ ag déanaṁ ceoil ’n-a ċluasaiḃ, bíoḋ is go raiḃ an bás féin ag teannaḋ leis. Aċt sul ar imṫiġ an t-anam uaiḋ, d’osgail sé a ḋá ṡúil agus ċonnaic sé go glan soiléir an ṗéaróid a ḃí i n-áirde ar an gcraoiḃ agus na focail, “Aba-Cána-Lú! Aba-Cána-Lú!” ’ġá gcanaḋ aici! Agus muna mbeaḋ na súla a ḃeiṫ go lag tinn aige, d’ḟeicfeaḋ sé na mílte cág feola ċuige anoir, agus iad go craosaċ fíoċṁar ocrasaċ.....


∗             ∗

“Dob’ í an ṗéaróid seo a ṁeall an seanḟear isteaċ ’san ḃfásaċ le n-a glór, an t-aon ní beo a ḃí i n-ann teanga ná n-Aibitíneaċ a ċanaḋ nuair a fuair an sean- sgláḃaiḋe bás faoi ḃun na sgeiċe; agus,” ars’ an sean- saoi Síneaċ i ndeireaḋ a ṡeanċuis, “agus ní ḃeaḋ ḟios againn indiu,” ar seisean “go raiḃ a leiṫéid de ċineaḋ ná a leiṫéid de ṫír áluinn ann ariaṁ muna mbeaḋ go ḃfuil a dtuairisg againn ’nár leaḃraiḃ.”