Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/84

This page has not been proofread.

74

go glúnaiḃ, bútaisí aḋmaid, hataí gorma ciuṁais-leaṫna, slaḃra práis faoi ċom gaċ fir díoḃ, agus mionn airgid faoi n-a muineál aca, agus an ṁuin sin ag soillsiuġaḋ faoi ṡolas na gealaiġe.

Ṫug an fear árd an teaċtaireaċt leis gan mórán cainnte a ċailleaḋ. Go ríoġḃruġ uasal bán ar a raiḃ na céadta spíríní ag gearraḋ na spéarṫa ṫug sé iad; nuair a ṫáinic a gciall agus a moṫuġaḋ ċuca i dtosaċ, ba dóiġ le gaċ duine gur i mbruġaiḃ na marḃ a ḃíodar. Aċt ba ró-ġeárr gur ṫugadar faoi deara narḃ’ eaḋ. D’aiṫniġeadar béasa na ndaoine. I gcríoċaiḃ Lú- Cúsa a ḃíodar. B’é Lú-Cúsa féin an fear árd a ṫreóruiġ agus a ṡlánuiġ iad. Agus annsin ṫugadar molaḋ da na déiṫiḃ d’ḟóiriġ orra i n-uair a ngáḃaiḋ. A Ṡíneaċa aoiḃinne, tugaiḋ molaḋ do na déiṫiḃ i gcoṁnaiḋe, agus ní ċlisfiḋ siad oraiḃ. Ní eirġeann lá agus ní ṫuiteann oiḋċe ar mo ṁac-sa naċ.....

Ní’l aon ċur síos ar ṁórḋaċt, ná ar ġradam an ríoġḃroġa seo ’n-a raḃadar. Ḃí coṁairleóirí agus luċt freastail ann, draoiṫe agus saoiṫe ileólaċa, maiġdeana mánla faoi ġréas-ḃrataċa iomad-daṫaċa, agus iad ag canaḋ duanta le aḋraḋ ṫaḃairt do na déiṫiḃ; ḃí buaċaillí bídeaċa duḃ-ċraiceannaċa ann ag freastal ar ṡaoṫiḃ an eólais; ḃí moġa ann idir fearaiḃ agus mnáiḃ, agus ba ḋóiġ le mo ṁac-sa ar a ḃfeisteas go mba luċt grinn agus suilt iad, aċt naċ ḃfaca sé aon ġreann san ríoġḃruġ ná cosaṁlaċt ġrinn. Ní deárnaḋ gáiriḋe ann le linn na teaċtaireaċta a ḃeiṫ san áit, aċt an uile ḋuine idir uaisliḃ agus ísliḃ go duairc solaṁanta mar ba ċóir ḋóiḃ a ḃeiṫ.

Níor laḃraḋ aċt nuair a ḃí gáḃaḋ le laḃairt. San gcúirt sin do molaḋ na déiṫe go mion agus go minic. Do tugaḋ biaḋ do ḃoċtaiḃ, agus annlann do luċt na