Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/90

This page has not been proofread.

80

ceaċtar den dá ċineaḋ. Ṫug sé féin agus Lú-Cúsa faoi deara go raiḃ Ioḋal an t-Suilt i n-áirde ar an mballa ag na sagairt; agus de réir mar ḃí an oiḋċe ag imṫeaċt ḃí an tIoḋal ag dul i sultṁaire. Ḃí láiṁḋia le na Pártiġiḃ le n-a ais, ioḋal duairc trom-ċroiḋeaċ, agus anois agus arís do leigeaḋ láiṁḋia an tSuilt a ċeann isteaċ ar ġualainn an dé eile, aṁail is naċ ḃféadfaḋ sé seasaṁ ar a ḃonnaiḃ féin leis an ngreann folaiġṫe a ḃí air. Uair eile is ar an rí, ar Lú-Cúsa, ḃíoḋ sé ag féaċaint, agus é ḋá ċeistniuġaḋ, mar ṡílfeá, ag fiafruiġe ḋe cé’n tubaiste ḃí air a ṫaḃairt ’na leiṫeid d’áit. Agus, d’ḟéaċaḋ an rí Lú-Cúsa ar an ioḋal agus d’ḟéaċaḋ an t-ioḋal air, agus do ṫuigidís a ċéile ar nós ḋá ċiaróig.

Nuair a ḃí an biaḋ caiṫte aca, d’éiriġ an ċuideaċta ón mbórd. Ṫosuiġ an cóṁráḋ. Níor ḟan an Inġean Áluinn leis an gcoṁráḋ, áṁṫaċ. D’imṫiġ sise agus an ḃantraċt. Níor b’ḟada gur lean daoine eile iad. Ċuaiḋ Lú-Cúsa amaċ go beo tapaiḋ gan slán ná beannaċt ḟágáil ag éinne dá raiḃ ann. Níorḃ’ iongnaḋ fearg a ḃeiṫ ar ríġ an Ṗártiġ é imṫeaċt ċoṁ tobann sin uaiḋ agus é ag coṁráḋ leis. Aċt féaċaint agus caoċaḋ súl ṫug Ioḋal an t-Suilt air a ḋíbir é. Do ṗléasgfaḋ sé i láṫair na cuideaċtan duairce uaisle sin dá ḃfanfaḋ sé.

Ċuaiḋ rí an Ṗártiġ go fuinneoig a ḃí i n-áirde ar an árus go ḃfeicfeaḋ sé cár imṫiġ an rí eile uaiḋ. Ní ċreidfeaḋ sé a ḋá ṡúil. Le solus na gealaiġe, do ċonnaic sé Lú-Cúsa, an rí mór cumasaċ misneaṁail, ag gluaiseaċt ar fud an ḃáin a ḃí ós coṁair an tiġe, ar a láṁaiḃ agus ar a ċosaiḃ ar nós roṫa; é ag béiciuġaḋ agus ag sgréaċġail agus ag búirġil ar nós leoṁain ḃuile. Agus do ṫug sé faoi deara gur culaiṫ ġeógaiġ a ḃí air, agus go raiḃ sé ag cleaċtaḋ na gcleas a ċleaċtuiġeaḋ an dream malluiġṫe sin. An léim-faoi-eite, an cor-