an mháthair leis. Lean na páisdí dhe, gur líonadh an choill mór-dtimcheall orainn leis an gcaoineadh caol cruadh do rinneadar.
Bhí mé liom féin faoi dheireadh, mé féin agus m’asal beag dubh.
D’imthigh sé leis n‑a chos-n‑áirde gur fhágamar an choill ’n‑ár ndiaidh. Shíleas go raibh togha margaidh agam: cá bhfuighfidhe asal bhí chomh beó sgofánta le m’asal beag dubh?
Acht nuair bhí an choill n‑ár ndiaidh, bhí port eile aige. Cos ní chorróchadh sé. Shíleas é bhladar agus é mhealladh le binn-bhriathraibh. Ní raibh áird aige orm. Shíleas é bhogadh leis an mbata. Cor ní chuirfeadh sé dhe, acht é ’n‑a sheasamh annsin i lom-lár an bhóthair.
Chuaidh daoine thart, cuid de lucht an aonaigh agus iad sgléipeach go leór. Moladh dhom é seo dhéanamh leis; moladh dhom é siúd dhéanamh leis–acht nuair mhol duine aca dhom é iomchur sgathamh de ’n bhealach, bhris ar m’fhoighid agus chuireas cioth cloch n‑a dhiaidh.
B’éigin dom’sa deireadh theacht anuas agus–seadh, é tharraingt ’mo dhiaidh i n‑aghaidh a chos agus a chinn….
Nach mise chuir na deágh-phaidreacha leis an bhfear siubhail a dhíol a leithéid de bheithidheach liom!
Acht ní raibh sé i bhfad gur thug mé rud aisteach faoi deara. Bhí sé faiteach agus ní chuireadh aon nidh faitchíos air acht an ceól ghnítheas an ghaoth i ngéagaibh crainn.
Ní túisge ghabhadh sé isteach faoi ghéagaibh na gcrann bhí ar leath-taobh an bhóthair, ná chailleadh sé an spadántacht agus is ar éigin d’fhéadfaidhe