Agus cé bhuailfeadh isteach chugam acht an bhaintreabhach Uí Eadhra! Bhí sí ag féachaint níos óigeanta ná chonnaiceas í le fada an lá; is beag an ceapadh bhéadh ag duine go raibh cúig bliadhna déag agus trí fichid caithte aici, go mbéadh bun-chíos na sean aici dá mbéadh gábhadh aici le n‑a leithéid; go bhfuil a hinghean agus inghean na hinghine n‑a mbaintreabhaigh sa teach chéadna léithi.
“Cuir an t‑asal faoi’n gcárr,” ar sise.
Rinneas sin gan ceist a chur uirri. D’aithneóchthá go raibh fuadar éigin fúithi, go raibh sí le rud éigin neamh-ghnáthach a dhéanamh. Bhí luisne beag n‑a sean-ghruaidh caithte, agus loinnir aisteach faoi n‑a súil. Chonnaiceas an loinnir chéadna sin faoi shúil ghirrsighe sgoile bhéadh ar tí gníomh contabhairteach dhéanamh. Níor chuireas aon chainnt ar an tsean-mhnaoi faoi ádhbhar a meidhre. Tá aithne níos feárr ná sin agam uirri; tá sé doiligh rún a bhaint aisti—acht nach n‑innseochaidh an aimsir dhom é?
Ghluais linn beirt ar an gcáirrín asail, mé féin agus an tseanbhean a raibh an meidhir rúnda n‑a croidhe istigh....
* * *
Bhí an dúithche thart orainn ag gáiridh linn....
Grian bhuidhe an fhoghmhair ar eirghe i n‑áirde sa spéir; an gleann agus an machaire ’n‑a loch órdha aici; an crann ar leathtaobh na slighe