Page:An Crann Geagach.djvu/58

This page has been validated.
AN SEAN CHOILÉAR

Bhí comhnaidhe orm le goirid i sean-choiléar ar ghualainn chnuic, áit nach raibh duine ná deóraidhe le cur isteach orm.

Acht ní raibh mé i bhfad ann go raibh cáirde mo dhóthain agam. D’éirigh mé mór le míoltaibh na háite idir beag agus mór, leis an spideóigín dána, leis an dreóinín beag bídeach, le londubh an ghuib bhuidhe, leis an smólach breac-dhonn, leis an ngealbhán aérach; agus do chosnuighinn ar an seabhac alpach iad, tráth chruinniugheadh siad uile thart orm leis an mbrusgar aráin d’fhágfaidhe i ndiaidh mo bhéile chaitheamh. Bhí sean-ulchabhán ann, go raibh ciall na seacht suadh n‑a cheann, agus nár labhair ariamh acht uair bhí gábhadh mór leis; acht ní mheallfadh aon mhilseán an sean-fheallsamhnaidhe sin as an bpoll crainn ’n‑ar chaith sé a shaoghal.

Acht na héanlaith eile, ní raibh sgáth ná eagla orra rómham-sa nuair bhí tamall curtha dhíom agam san áit. Go deimhin leis an gcaoi bhailigheadh siad timcheall orm, agus a cheol féin ag gach éan díobh, shiltheá go mba de bhunadh na n‑eite agus na ngob mé féin, nó go raibh gaol gairid agam leis an tsliocht sin, ar a laghad.

Bhí míolta ceithre gcós ann freisin; bhí iorradh ruadh n‑a chomhnuidhe sna crannaibh árda bhí taobh thoir de’n choiléar; easóg chlisde i

54