Page:An Crann Geagach.djvu/61

This page has been validated.

Ba mhór an t‑iongnadh liom i dtosach é fheiceál annsin ag béal an mhála ar dhúiseacht dhom ar maidin agus é ag ithe mo chuid ar a shuaimhneas. Gan mórán moille bhí sé na pheata críochnuighthe agam.

Acht an easóg—bhí eagla orm féin roimhe i dtosach agus na sgéalta chualas faoi le linn mo óige; an chaoi ’na gcaithfeadh sé smugairle nimhe le duine, an chaoi ’na mbeireadh sé ar sgórnaigh ort agus gan a ghreim a sgaoileadh go mbéadh an braon deireadh de do chuid fola tugtha, an sparán óir bhíos aige n‑a neid—acht chuala gach duine na sgéalta sin; acht chreid mise ionnta; acht is beithidheach beag deas lághach é, acht an croide ceart bheith agat dhó. Ní raibh sé chomh mór liom ariamh is bhí an coinín, acht thigeadh sé chugam le greim ithe as mo láimh....

Labhair mé faoi’n luich cheana: ní raibh seisean an-cháirdeamhail liom ariamh. Ní leigfeadh sé dhom lámh a leagadh air dá muintearaighe dá rabhamar; acht thigeadh sé ar cuairt agam, agus chaitheadh tamall ’n‑a shuidhe i n‑áirde ar mo mhála chodalta agus mé féin mo luighe istigh ann.

An iorrudh ruadh ba dhoicheallaighe díobh ar fad. B’fhéidir gur shíl sí go raibh mé féin ró-mhór le n‑a sean-naimhdibh an luch agus an easóg; acht ar chaoi ar bith, ní thiocfadh sí i bhfoisgeacht deich slat dhíom go dtug mé bríb dhí. Lá dhom san mbaile mór, agus cheannuigheas luach dá phighinn go leith de chnódhaibh cuill. Bhris mé cuid díobh faoi m’fhiaclaibh féin agus chaith mé ceann díobh chuig an iorruidh. Ba mhór é

57