Page:An Crann Geagach.djvu/64

This page has been validated.
CNOC MO CHROIDHE

Siar liom an Gleann, le bruach an Dá Loch, de shiubhal cos gan buadhairt gan imnidhe, acht ceól breagh aoibhinn ’mo chroidhe....

Bhí sé cúpla uair nó trí roimh ghealadh an lae, acht bhí solus mo dhóthain agam ó ré agus ó réaltógaibh, solus áluinn draoidheachta a líon an gleann. Dhá loch airgeadtha aoibhinn bhí san Dá Loch, na beanna borba thart orra go uaibhreach faoi sholus neamh-shaoghalta, na sean-teampuill agus an túr cruinn go glan gleóite i bhfad uaim, mar íomháigh d’fheictheá i mbrionglóid... tríd an sean-roilic chuadhas, le h‑ais an túir, agus nuair chualas an ghaoith ag caoineadh sna géagaibh, d’fháisg mé an cóta mór mo thimceall, bhain mé fad beag as mo choisméagaibh, agus marach go bhfuil orm an fhírinne ghlan innseacht deurfainn gur ghabh uamhan mé agus gur bhain mé as sna fásgaibh. Acht ní amhlaibh thárla.

Rinne mé an bealach siar idir an dá loch, agus ar bhruach thuaidh an locha dob’ fhuide siar gan deifir gan deabhadh acht mo chroidhe agus m’anam lán.... Ní raibh ainmhidhe ná éan ná feithide féin nach raibh ’n‑a chodladh gan gíog gan míog le clos uatha. Bhreathnuigh mé anonn uaim treasna an locha ar an áit a rinne Caoimhghín nead dhó féin; file agus file mór amháin a thoghfadh a leitheid d’áit chomhnuidhthe—

60