Page:An Crann Geagach.djvu/65

This page has been validated.

bhfios dúinn nach raibh féith na filidheachta i gCaitlín freisin, agus gur thogh sí an áit sin dhí féin sul má bhí fhios aici go raibh Caoimhghín ann?

Dá gcastaoi sean-phágánach liom, nó naomh nó abb ó’n tsean-aimsir, ní chuirfeadh sé aon iongnadh orm; nach raibh siad uile go léir annsin ’mo thimcheall dá mbéadh súile agam le n‑a bhfeiceál? Nach raibh mé féin ar nós duine bhéadh faoi dhraoidheacht, saoghal cruaidh cráidhte an lae indiu curtha uaim agam agus mé ag gluaiseacht liom trí shean-shaoghaltaibh aoibhne as ar díbrigheadh an t‑olc agus an urchóid?

Ar shroichint ceann an gleanna dhom d’fhéach mé soir uaim ar an mball áluinn a mhaisigh Dia agus duine. Chuir a áilneacht gheal ghlan sgannradh ar mo chroidhe. D’éaluigh paidir uaim....

* * *

Acht ní ró-fhada go raibh mo dhóthain mhór ar m’aire. An casán atá ag gabháil siar thar na sléibhte tá sé an-achrannach, agus chuaidh sé righte go leór liom bealach a dhéanamh. Marach an t‑eólas bhí agam san áit, is cinnte go gcaithfinn géilleadh agus fanacht i sgailp éigin go mbreacfadh an lá. Bhéadh sé sin cruaidh go leór orm, mar bhí sé socruighthe agam bheith ar mhullach an chnuic dob áirde dá raibh ann le fáinne an lae agus le éirghe gréine, go bhfeicfinn an ghrian ag éirghe aníos as an bhfairrge thoir uaim.

61