aige gur fhág mé mo leabaidh theólaidhe i lár na h‑oidhche le dul go bárr cnuic leis an ngrian fheiceál ag éirghe....
Chuaidh an ghealach faoi. Múchadh cuid mhór de na réaltógaibh. Bhí fuacht agus ciúineas an tsaoghail ann, acht bhí mé ar an mullach roimh bhreacadh an lae liom péinín féin....
* * *
Ní fios dom anois féin cé’n t‑ainm atá ar an gcnoc agus is beag nach cuma liom: ní thiubhraidh mise aon ainm air choidhche acht Cnoc mo Chroidhe. Tá carn cloch n‑a bhárr; chuir mé féin cloch leis, agus annsin bhuail mé fúm ar an bhfosgadh ann, go gcaithfinn mo chuid, go leigfinn mo sgíth, agus go bhfeicfinn an mhíorúilte laetheamhail i an lá ag breacadh, an solus ag fágháil tréise ar an doircheacht.
Bhí mé buidheach díom féin gur thugas mo sháith aráin agus feóla liom; bhí mé ró-bhuidheach gur fhág mé braon beag sa mbuidéal—dar cumhacht fear nÉireann! Bhí gábhadh agam leis....
Thosuigh Dia ar a mhíorúilte laetheamhail....
Soir uaim, ag bun na spéire, bhí gealadh beag le tabhairt faoi deara ag súil ghéir. Ní raibh acht mar bheadh braonacha beaga soluis dá ndóirteadh anuas as na réaltógaibh, dá sgapadh san aibheagán dubh dorcha, agus dá bhánughadh i ndiaidh a chéile. Ní bhéadh ort acht do shúile dhúnadh ar feadh aon noiméidín amháin agus nuair d’osglóchthá arís iad, d’fheictheá an ghileacht nuadh, ní amháin ar bun na spéire thoir, acht