Page:An Crann Geagach.djvu/72

This page has been validated.

nach bhféadfadh sgéal an chrainn méadughadh ar mo bhrón agus ar mo dhoiligheas; acht ní fada d’fheadfainn fanacht ar an dóigh sin. Chuireadh an crann íallach orm dearcadh air, smaoineadh air, éisteacht leis féin agus le n‑a sgéal. A aois, a aoirde, a mhaordhacht, dathamhlacht a chuid duilleabhair, cruadhas a chuid adhmuidh, an deágh-fhosga bhí faoi, na h‑iongantais thárla i bhfogus dó—chuir an crann i gcéill dhom iad uile go léir, go raibh mé féin agus an crann ar aon chiall agus ar aon anam....

Bhí fear ag gabháil an tslighe—sean-fhear lúbach féasógach feósaidhe agus dá mhaide faoi; marach go mbéadh a fhios ag duine nach bhféadfadh sean-fhear bheith chomh ársa le sean-chrann, cheapthá go raibh seisean chomh sean leis an liobhán bhí ós mo chionn.

Bheannuigheas do’n seanóir de réir na h‑aimsire bhí ann.

D’osgail sé a bhéal pislíneach. Chonnaiceas a dhraid mhanntach agus é dhom fhreagairt:

“An crann sin”—ar seisean agus thiubhrthá an leabhar go mb’é taidhbhse an chrainn é, “an crann sin—tá sé níos sine ná aon rud eile atá beó ar thalamh na hÉireann indiu. Crann na Croiche tugtar air.”

“Crann na Croiche?”

“Seadh. Crochadh na céadta as an ngéagán mhór sin ós do chionn. Sa mbliadhain ’98, chonnaic mo shean-mháthair ochtar fear crochta as maidin bhreágh gréine. B’uathbhásach an feic iad agus cnáib faoi mhuineál gach duine díobh. Is minic adubhairt sí liom...”

68