Níor fhanas go n‑innseóchadh sé dhom céard dubhairt a shean-mháthair. Bhailigheas chugann mo chuid oirnéis, chuireas m’asal beag dubh faoi’n gcarrín agus ghluais liom ar mo bhealach, mé féin agus an sean-fhear manntach lúbach feósaidhe.
Crann na Croiche... ocht gcéad bliadhain d’aois... n‑a chrann sul ar fhág Normánach cos ar thalamh na nÉireann... an rud beó is sine dá bhfuil againn—an iongnadh é gur chuir tú sgáth agus draoidheacht orm, a chrainn, agus mé ag iarraidh mo chuid bidh a ghléasadh, agus mo sgíth a leigint faoi do ghéagaibh móra diabhalta?
* * *
Sgathamh n‑a dhiaidh sin bhíos sa limistéir céadna. Bhíos gan codladh ar feadh dhá oidhche le buairt agus le doilgheas croidhe, agus ó bhí an aimsir go háluinn bhuaileas amach timcheall ’s meadhon oidhche le spaisdeóireacht a dhéanamh. Shiubhlas bogaigh agus bánta, bóithre móra agus aithghiorraí sléibhe, agus ní dhéarnas comhnaidhe go raibh mé ’mo shuidhe faoi bhun an chrainn, faoi bhun Chrainn na Croiche.
Cé’n draoidheacht atá agat orm a Chrainn na Croiche? Molaim do mhaordhacht; molaim an aois mhór atá agat; molaim do thoirt agus t’aoirde; umhluighim dhuit a chrainn ársa diabhalta as ar crochadh na céadta fear! Ní mholaim do thoradh, a chrainn; sgaoil díom agus na bí dom’ thabhairt annseo feasda, a bhile sheasmhaigh....