Oidhche spéir-ghealaighe bhí ann. Duilleabhar feósaidhe an chrainn faoi mo chosaibh; an dúithche thart orm n‑a loch airgeadtha le soillse na gealaighe; gan smathamh as an spéir; gan ceól ó éan ar chraoibh, gan gíog ó mhíol ar thalamh, acht an domhan mór luchtaighthe le draoidheacht agus le áilneacht na hoidhche..
D’éirigheas ’mo sheasamh. Cor dá dtugas agus thosuigh an duilleabhar feósaidhe agus an brosna ag giosgán fúm ar nós aisteach brónach. Níor thugas aon áird ar an gceól doilgheasach seo ar feadh tamaill, acht mé ag imtheacht anonn ’s anall, anonn ’s anall ag iarraidh mo sgéal cruaidh féin a réidhteach agus gan a réidhteach le fághail agam.
Acht de réir a chéile thosuigheas ag baint meabhair agus ciall as ceól ait na mbileóg feósaidhe bhí faoi mo chosaibh. Tháinic cainnt chuca mar adéarthá, agus seo é an port bhí aca:
“Sinne-ne toradh an Chrainn; sinn-ne toradh Crainn diabhalta na Croidhe; sinn-ne taidhbhsí na ndaoine crochadh as a géagaibh.”
D’fhéachas thart agus sgáth orm. Solus na gealaighe ba chionntach leis b’féidir, agus b’fhéidir nárbh é, acht ar chaoi ar bith, d’fhacthas dom go raibh corp ar crochadh as gach teannghéag de ghéagaibh Crainn na Croiche...
D’éaluigheas liom ó’n áit...
An oidhche sin, nó go moch ar maidin, bhíos ag comhrádh le fear tuigsionach ar an tsráid-bhaile atá comhgarach do Chrann na Croiche. Cídhtear na hiongantais ann go minic dubhairt sé liom: