“Agus tá sé ráidhte,” ar seisean, “nach mbeidh rath arís ar Éirinn go bhfeicfear an Crann mallaighthe céadna sin ar lár.”
“’Tuige nach leagtar é mar sin?” arsa mise.
“Ní bheadh aon bhuaidh annsin,” ar seisean, “caithfidh sé tuitim uaidh féin.”
* * *
Crann na Croiche ar lár! An bile sheas talamh le ocht gcéad bliadhan má’s fíor na seanchaidhthe agus lucht crann-eólais—agus táid ar aon fhocal—an bile maordha sin agus a bhileóg uachtarach buailte le talamh!
* * *
An oidhche dheire chuadhas an bealach, mé féin agus mo charrín asail, acht níor éirigh liom dhul isteach ar an tsráid-bhaile mar a raibh mo thriall.
An chéad uair chuadhas an bealach chuir Crann maordha na Croiche cosg liom mar b’éigin dom dhul ar a fhosgadh ó bhrothall an lae; an uair dheire seo chuir sé cosg liom, mar bhí sé n‑a luidhe annsin treasna an bhóthair rómham.
Bhí meitheal fear ag obair ar shean-chabhail thoirteamhail an Chrainn le sábhaibh agus le tuaghaibh agus le órdaibh ghá ghearradh agus ghá sgoilteadh agus ghá lomadh; gach fear aca n‑a léine ag obair go díthcheallach le solus na lóchrann; gan focal ag aon fhear acht na sábha móra faobhracha ag gearradh na ngéag agus ag ithe isteach sa gcabhail mhóir.