Page:An Crann Geagach.djvu/78

This page has been validated.
AN BREAC ATÁ SAN ABHAINN MHÓIR

D’aithneóchainn an breac sin thar aon bhreac dár lúb é féin i bpoll srotha ariamh. Tá toirt ann thar mórán dá ghaoltaibh, agus aois nach bhfuil ag a lán díobh. Acht an chiall atá ’n‑a cheann! Tá iasgairí na seacht bparáisde cráidhte céasta aige le na bliadhantaibh fada; gach uile chineál baoite dár cuireadh ar dhubhán ariamh féachadh iad—ní dhéanann an seadaire de bhreac acht gob biorach a sháitheadh amach thar an gcloich mar a mbíonn comhnaidhe air, iarball a chasadh go sgigeamhail agus imtheacht leis ar a shuaimhneas.

D’fheictheá shíos uait é san uisge glégeal, agus gan beann aige ort ná ar do bhaoite dá fheabhas é. Agus nach ort bhéadh an cantal nuair d’fheictheá é ag éirghe aníos go bárr uisge le breith ar mhíoltóig bhéadh ar aon dath agus ar aon chosamhlacht leis an gceann bhéadh ar do dhubhán féin! An breac clisde seanda sin! Nach iomdha easgaine bhain sé as iasgaire le n‑a linn.

Ar dhubhairt tú liom go bhfuil fonn ort a dhul ar a thóir, a iasgaire na mbreac? Cuirfead ar an eólas thú; téigh go hÁrd Macha i dtosach; annsin, cuir aithne ar aon iasgaire breac dá bhfuil sa gcathair sin. Abair leis go bhfuair tú tuairisg an Bhric, agus go bhfuil socraighthe agat gan an áit fhágáil go mbeidh sé agat istigh ’do mhála.

74