Nach rómhat bhéas an fháilte! Nach duit innseóchar na sgéalta fíre faoi iasgairibh tháinic as tíorthaibh i bhfad i gcéin le Breac na hAibhne Móire a mhealladh!
Cuirfear an uile dhuine sa gceanntar shíl an Breac thabhairt leis i n‑aithne dhuit. Déanfaidh tú cumann agus cáirdeas buan leis an ógánach caol agus leis an seanóir liath. Taisbeánfaidh gach duine aca a ghléas iasgaireachta dhuit, idir dubhán agus dorugha agus slat. Cuirfidh sé síos ar an mBreac dhuit, ar a thoirt, ar a mheadhchan, ar a chlisteacht—cuirfead geall leat go gcloisfidh tú sgéalta faoi Bhreac na hAibhne Móire a sháróchas aon sgéal iasgaireachta atá sna leabhraibh....
Nár tháinic fear óg as Albain san áit uair agus nár thug sé mionn agus móid nach bhfágfadh sé bruach na haibhne go mbéadh an Breac aige? An fear óg díthchéillidhe! Níor thuig sé cé’n éirim bhí i gcoigeann an éisg sin!
Chaith sé an tEarrach ann. Bothán beag de chliathaibh aige ar an mbruach agus biadh ghá thabhairt chuige gach lá ó’n gcathair. Tháinic tús an tsamhraidh. Chuir sé féin agus an breac aithne níos feárr ar a chéile. Le linn an tsamhraidh fhada bhuidhe, bhí an fear agus an t‑iasg i gcuideachtain a chéile, ag éirghe muinnteardha le chéile; go raibh rún an ógánaigh ag an mbreac agus rún an Bhric ag an ógánach....
Dubhairt fear liom nach ag iasgaireacht chaitheadh an t‑ógánach an aimsir ar chor ar bith