a thoghadh. Rinneas amhlaidh. Mholas cuid díobh. Cháineas cuid eile. Thuig sé go ndeárnas iasgaireacht, go raibh sgil agam san ealadhain sin.
Chuir an bheirt iasgaire breac aithne ar a chéile annsin i gcill phríosúin....
Bhí truaigh aige dhom nár fhéadas bualadh amach leis an tráthnóna sin le Breac na hAibhne Móire a mhealladh!
Thagadh sé cúpla uair nó trí go dtí mo chill gach seachtmhain n‑a dhiaidh sin, agus d’innsigheadh sé dhom faoi ’n mBreac agus a eachtraí, gur chuireas aithne mhór-mhaith ar an iasg clisde sin, ar an bpoll dubh duaibhseach mar a bhfuil comhnaidhe air, ar an dá bhruach bhláthmhara, ar an uisge glé reatha, ar an gcoill draoidheachta atá le n‑a n‑ais....
* * *
D’aithneochainn an Breac sin anois thar aon bhreac dár lúb é féin i bpoll srotha ariamh. Agus ó tá an t‑earrach ag teacht, agus an lá dhul ’un síneadh, bhéaraidh mé cuairt ar a áit chomnaidhthe. Déanfaidh mé bóthán cliath annsin ar an mbruach bláthmhar ceólmhar, agus cuirfidh mé fúm ann liom féin ar nós an Albanaigh óig; agus mara mbeiridh mé ar an mBreac, cá bhfios nach mbeirinn ar chuid de’n fhilidheacht atá ag baint leis an áit?