Page:An Crann Geagach.djvu/86

This page has been validated.

agam, go séalaidh an t‑anam uaim, ar an bhfleidh aoibhinn chaitheamar le chéile i lúb na coille craobhaighe. An spóirt bhíodh againn ann! Na sgéalta d’innsigheadh sinn dá chéile faoi bhun an chrainn!

Tá glór an sgéaluidhe óig ’mo chluasa anois féin agus é ag innseacht dúinn faoi’n lorgadán:

“Aingeal bhí ann i dtosach...” chidhim a shúile beodha soillseacha agus é ag rádh na bhfocal, “aingeal bhí ann... aingeal rinne troid i n‑aghaidh Dé... acht níor caitheadh isteach ar leacraibh Ifrinn é... níor caitheadh, mar rinne sé gníomh mór uasal éigin i bhfad roimhe sin: agus de bhárr an ghnímh sin, tugadh cead dó comhnaidhe dhéanamh i gceithre áit i nÉirinn...”

Agus an t‑easbaidh creidimh bhí ar dhuine eile aca! Cé’n chaoi ’bhféadfadh a leithéid bheith ann nuair nach bhfaca sé féin ariamh é! Tomás an leas-ainm bhéas agam ar an stócach sin nuair casfar le chéile arís sinn...

Acht slán agaibh a cháirde óga daonna go bhfillidh an t‑earrach arís!

* * *

A ridire bóthair an féidir nach bhfeicfidh mé arís thú go ceann ceithre mhí? Is eól dom gur féidir go mbuailfear ar a chéile sinn istigh i lár na cathrach; acht, ár ndóigh tá fhios ag aon duine go bhfuil breitheamhnas ná cruinneas ag baint leis nach mar a chéile an ridire bóthair d’fheicfidhe ó ám go hám san gcathair agus an preabaire groidhe chítear ag déanamh slighe agus

82