Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/102

This page has not been proofread.
94
An Craos-Deaṁan.

maiṫ an triúr iad; gorta agus uireasba agus bás. Táid siad ag sladaḋ an anama asat. D’ḟeuċ droċ ṡúil ort. Do ṫuit droċ ṫaom ort. Ní h-iongnaḋ san. Ní ḋeaḃruiġean tú gur coṫuiġeaḋ tú mar a coṫóċfaí gaṁain saṁraiḋ, le biaḋ cuṫaiġ agus le deoċ fóġanta, ó láiṁ mná a ḃéaḋ tuisgionaċ, aċ deaḃruiġean tú go ḃfuarais droċ ċóir agus droċ ċoṫuġaḋ agus go ḃfuil a rian ort."

""Tá a rian orm, a ríġ,” arsa mise. “Aċ do stiú- ruiġeaḋ anso ċugat-sa mé ċun go ḃfaġainn leiġeas ar mo ġalar. Tá an galar trom agus is deacair an leiġeas a ḋ’ḟáġail. Dúḃraḋ liom go ḃfaġainn anso é, agus do ṫánag."

""Suiġ ansan, a ḟir ḃoiċt,” ar seisean liom, “ar an gcaṫaoir ḃagúin sin ansan, agus aiṫris dom go cruinn nádúr agus cóṁarṫaí do ġalair. Ní féidir an leiġeas d’ainimniuġaḋ go n-aiṫniġtear an galar."

"Do ṡuiġeas ar an gcaṫaoir mar a dúḃraḋ liom, agus ṫosnuiġeas ar mo sgéal d’innsint.

""’Neósfad duit go cruinn, a ríġ,” arsa mise, “cad tá ag cur orm, cad ’tá a’m ċiapaḋ agus a’m ċrapaḋ agus a’m ċráḋ, ag cur seirbṫin agus lagspridiġe agus easba mire orm. Bíon dúil ṁallaiġṫe agam coitċianta i ngaċ flúirse bíḋ agus díġe, agus cuir- ean gaċ ganaċúise bíḋ agus díġe ar buile mé. Nuair a ċím flúirse ar bórd tagan ocras an doṁain orm. Cromaim ar iṫe agus ar ól, aċ d’á ṁéid a ḋ’iṫim is ag dul i ngéire a ḃíon an t-ocras orm, agus d’á ṁéid a d’olaim is ag méaduġaḋ a ḃíon an tart orm. Nuair a ḃím am’ ċodlaḋ sa n-oíḋċe ní ḃíon de ṫaiḃ- reaṁ agam aċ biaḋ agus deoċ, agus mé ag iṫe agus ag ól, dar liom, agus nuair a ḋúisiġim ar maidin bíon oiread ocrais agus oiread tarta orm agus dá mba ar