Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/103

This page has not been proofread.
95
An Craos-Deaṁan.

ġorta ḃéinn ag taiḃreaṁ fan na h-oíḋċe. Ní fonn liom ċoíḋċe aon ḃlúire bíḋ ná aon ḃraon díġe a ḃéaḋ agam do raint le h-aoinne, pé gátar a ḃéaḋ air, i dtreó go mbíon an doiċeal a’m ṁarḃuġaḋ ċóṁ maiṫ leis an ocras agus leis an dtart. Níor ṁair an fear san riaṁ ba ṁó doiċeal ’ná mé, agus ní’l an fear san beó i n-Éirinn indiu is mó doiċeal ’ná mé. Ba ṁaiṫ liom mo ċuid féin a ċoimeád agus gan blaise ṫaḃairt d’aoinne ḋé, agus an rud a ċífinn ag duine eile ba ṁaiṫ liom é ḃaint dé, nó e ġuid uaiḋ; teaċt suas leis dom féin ar ais nó ar éigin. Is aṁlaiḋ mar atá an sgéal agam, dá mbéaḋ biaḋa breaġṫa, mísle, buacaċa an doṁain ar m’aġaiḋ amaċ, is isteaċ am’ bolg féin ba ṁaiṫ liom iad go léir do ċur, agus ba ċuma liom sa n-anaċainn cad a ḋéanfaḋ aoinne eile.""

(Le linn na cainte sin a ráḋ ḋó do ċuir sé greim breaġ meiṫ milis ċun béil an ríġ, agus do ṡnap sé siar airís é agus ċuir sé ’na ḃéal féin é. Aċ níor ċuir an ríġ puinn suime ann um an dtaca san.)

""Is olc an sgéal agam é,” arsa mise, “agus mura ndéinir-se mé ’leiġeas ní fios cad é an deire ḃéiḋ air."

""Is olc agus is dian olc an sgéal agat é,” ar seisean, “agus mura mbéaḋ tú ṫeaċt anso ní ḃéaḋ aon ḃreiṫ agat ar aon leiġeas a ḋ’ḟáġail. Do lean- faḋ an galar díot go dtí go gcuirfeaḋ sé fé ’n ḃfód ṫú, agus go deiṁin féin, ní ró ḟada a raġaḋ leat sar a’ mbeiḋfeá fé’n ḃfód aige. Isé galar é is measa a ḃí ar aon Ċríosdaiḋe riaṁ. Galar mí-nádúrṫa iseaḋ é. Isé nádúr an ocrais go leiġisfeaḋ biaḋ é. Isé nádúr an tarta go sásóċaḋ deoċ maiṫ é. Isé nádúr an doiċil go maolóċaḋ flúirse é. Aċ an t-ocras so atá ort-sa is aṁlaiḋ a ṁéaduiġean an biaḋ é, agus an tart atá ort is amlaiḋ a ṁéaduiġean an deoċ é."