Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/122

This page has not been proofread.
114
An Craos-Deaṁan.

go léir ar an naṁaid. Nuair ’iaras an tríṁaḋ h-uḃall déag air, i n-onóir do Ċríost os cionn na n-Aspol, ní h-aṁlaiḋ a ṫug sé uḃall uaiḋ aċ is aṁlaiḋ a ċaiṫ sé uaiḋ iad go léir!

"Ḃí buaiḋte glan ar an naṁaid againn sa méid sin, aċ má ḃí, do ċuir san mo ċeann-sa i gcontaḃairt ċruaiḋ. D’úṁluiġeas láiṫreaċ do’n ríġ agus d’inn- seas dó cad d’imṫiġ orm i gCorcaiġ. Do buaḋaḋ ar an naṁaid airís tré impiḋe Ḃríġde agus tré ḃáiḋ Ċaṫail le macaiḃ léiġinn.

"Ansan d’iaras an aisge. Do fuaras í. D’inn- seas do Ċaṫal an ṁallaċt a ḃeiṫ orm agus ná raiḃ aon rud ċun mé ḋ’ḟuasgailt uaiṫi aċ an ríġ féin do ḋéanaṁ trosgaiḋ dom ċun Dé. Ba ċruaiḋ an aisge í. le h-iaraiḋ ar an ríġ, aċ d’iaras í, agus mar is eól daoiḃ do ḋéin sé an trosgaḋ. Ansan d’iaras air trosgaḋ ḋéanaṁ ċun Dé ar ṁaiṫe le ríġ Caisil. Ba ḋeacair é. Aċ do ḋéin sé é. Tá toraḋ na h-oibre go léir anois againn, buiḋeaċas le Dia!"

Do stad Mac Conglinne. Do laḃair an ríġ airís.

"A ṁic léiġinn,” ar seisean, “tá éistiṫe againn le d’ċaint. Má bá léir dúinn sar ar laḃrais go raiḃ comaoine ṁór curṫa agat orainn go léir, agus orm-sa féin tar ċáċ, is seaċt léire ḋúinn anois é. Is iongan- taċ an duine ṫú agus is iongantaċ an gníoṁ a ċuiris roṁat, agus is mó go mór ’ná iongantaċ an ċuma ’nar ḋéinis an ḃeart. Aċ níor innsis fós dúinn cé h-é ṫu. Cad é an ainim atá ort, a ṁic léiġinn?"

"Aniér mac Conglinne a tugtar orm, a ríġ," arsa’n mac léiġinn.

Do stad a anál ag gaċ aoinne ċóṁ luaṫ agus do h-airiġeaḋ an ainim. D’ḟeuċ na daoine ar a ċéile. Ansan do fuaradar a n-anál, agus ċuireadar liúġ