Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/127

This page has not been proofread.
119
An Craos-Deaṁan.

an fios agus an leiġeas ag ár slíoċt i n-Éirinn go deire an tsaoġail

“Tiocfaid daoine ’nár ndiaiġ i n-Éirinn agus déan- faid siad craos. Glacfaiḋ an Deaṁan-craois seilḃ istiġ ’na gcroíḋe. Taḃarfaid siad cead a ċinn agus cead a ġoile do’n deaṁan san go dtí ná béiḋ beann acu ar Ḋia ná ar ḋuine, ar ċaraid ná ar naṁaid, ar ṁnaoi ná ar ċlainn ná ar ċúram; go dtí, mar adúḃairt an annsprid linn, go ngeaḃfar de ṁaidíḃ agus de ċloċaiḃ agus de sgiúirsíḃ agus d’ḟuipeanaiḃ orṫa mór-ṫímpal na h-Éirean agus gur b’é bás a ḃéarfaiḋ iad fé ḋeire ’ná bás do’n ġorta.

“Ba ṁaiṫ liom an fios agus an leiġeas a ḃeiṫ i n-Éirinn go deó ḋóiḃ sin, i dtreó go ḃféadfaidís an fios do leanṁaint, agus úsáid a déanaṁ de’n leiġeas, agus an deaṁan do ċur a’ seilḃ.

“Cuirim-se anois, d’á ḃríġ sin, de ġeasaiḃ ar Ṁainċín agus ar ṁanaċaiḃ Ċorcaiġe na focail seo a déarfad do sgríoḃ’ síos i leaḃraiḃ Ċorcaiġe i dtreó go mbéiḋ siad ansan le léiġeaḋ go deó. Sidiad na focail:—

“‘An t-é n-a mbéiḋ sé de ṁí-áḋ air deaṁan craois do ġaḃáil sealḃa ’na ġoile, pé’ċu craos díġe nó craos bíḋ fé ndear é, ní’l bac air é féin do leiġeas agus an deaṁan do ċur a’ seilḃ aċ go ndéanfaiḋ sé na neiṫe a ċuir Aniér mac Conglinne ḟeuċaint ar Ċaṫal mac Finguine a ḋéanaṁ. Cuireaḋ sé ar dtúis a ġuiḋe ċun Dé fé ċomairce Ḃríġde. Cuireaḋ sé ansan a ṁian fé smaċt a ṫoile ins na neiṫiḃ is suaraiġe. Bíoḋ uraim aige do’n Ċreideaṁ. Ansan, má’s deaṁan meisge a ḃéiḋ istiġ aige cuireaḋ sé suas d’aon deoċ meisgeaṁail a ḋ’ól. Má’s deaṁan ocrais a ḃéiḋ istiġ aige déineaḋ sé trosgaḋ pé oċras a ḃéiḋ air.’