Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/129

This page has not been proofread.
121
An Craos-Deaṁan.

D’eiriġ Mainċín agus do laḃair sé.

“A ríġ Caisil,” ar seisean, “agus a maiṫe agus a ṁór uaisle Muṁan, tá tagaiṫe go maiṫ agaiḃ go léir as an ngnó so, aċ tá tagaiṫe go h-olc, go dian olc, agam-sa as. Deir an fear so nár ḋéin sé aon droċ ġníoṁ a ṫuillfeaḋ coinneal-ḃáṫaḋ ná mallaċt na h-Eagailse ḋó. Is ionan san agus a ráḋ gur cuireaḋ an ṁallaċt air sa n-éagcóir. Ṁol sé mo ḃeannuiġ- ṫeaċt-sa. Dúḃairt sé go dtáinig sé ċugam-sa ċun na h-easgaine ṫuilleaṁ, agus gur mar ġeall ar mo ḃeannuiġṫeaċt a ṫáinig sé ċugam. Má mol sé mo ḃeannuiġṫeaċt do ċáin sé mo ċiall. Deir sé, má ḟeuċaimíd siar anois ar an gcuma ’nar ṫuill sé an ṁallaċt, go ḃfeicfimíd nár ḋéin sé aon droċ ġníoṁ. Mise a ċuir an ṁallaċt air. D’adṁuiġ sé nár ḃaoġal go gcuirfinn an ṁallaċt air gan é ’ġá tuilleaṁ go ṁaiṫ. Measan sé a ċur ’na luiġe oraiḃ-se anois nár ṫuill sé í, nár ḋéin sé aon droċ ġníoṁ a ṫuillfeaḋ mallaċt. Dá mbéaḋ siḃ ag feuċaint air agus ag éisteaċt leis an ḟaid a ḃí sé i gCorcaiġ, ḃéaḋ ’ḟios agaiḃ cé ’cu ṫuill sé an ṁallaċt nó nár ṫuill. Bíomair-ne ag éisteaċt leis agus ag feuċaint air, agus tá so le ráḋ againn. Níor ṫáinig, le cuiṁne aon duine atá suas, a leiṫéid eile isteaċ sa ċaṫair. Ḋéin sé oiread toirmisg agus aċarainn agus cur ṫré ċéile i gcaiṫeaṁ aon ċeiṫre h-uaire fiċid aṁáin agus ná déanfaḋ an cuirpṫeaċ is mó a ṫáinig riaṁ ċugainn dá ḃfaġaḋ sé bliaġain ċuige. Ḃí an ċaṫair agus an ṁainistir agus an uile ṡaġas gnóṫa d’ár ḃain leó iompuiġṫe taoḃ síos suas aige sar ar imṫiġ sé. Ḋaoramair é ċun a ċroċta feuċaint an éalóċaḋ sé uainn. Ba ḋóiċ le duine gur b’ aṁlaiḋ a ċuir san ḟeuċaint air fanṁaint. Ba ḋóiċ le duine air ná raiḃ