Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/21

This page has not been proofread.
13
An Craos-Deaṁan.

maiṫ láidir, leiġeas a ḋéanfaḋ an ríġ do ṡaoraḋ ó’n ndroċ níḋ a ḃí istiġ ann, beó nó marḃ. Niṁ iseaḋ ḃí sa leiġeas san, aċ níor leig na liaġa orṫa gur ḃ’eaḋ. Ba ċuma leó aċ go mbéaḋ Caṫal ar ṫaoḃ éigin. Ḋéan- faḋ a ḃás féin fuasgailt. Ní mór ’ná gur ċuma le h-aoinne eile aċ ċóṁ beag leis na liaġaiḃ conus iom- póċaḋ an leiġeas láidir amaċ aċ go dtiocfaḋ an ḟuasgailt. Aċ ḃí dearṁad orṫa go léir. Do ṡloig an deaṁan an leiġeas láidir sar a raiḃ uain aige ar aon díoḃáil a ḋéanaṁ. Ṫuit a lug ar a lag ag na liaġaiḃ nuair a fuaradar ná déanfaḋ niṁ féin maiṫeas ná díoḃáil.

Ċuir Feargal mac Maoile Dúin fios airís ar ḟear na bpiseóg.

"Ḋéinis feall orm,” ar seisean leis an ḃfear.

"Níor ḋéineas feall ort, a ríġ,” arsa ’n fear, "aċ ḋéineas feall ar ríġ Caisil, agus isé ríġ Ulaḋ ċuir suas mé ċuige."

"Déin an t-olc do leiġeas,” arsa ríġ Ulaḋ, “agus ġeaḃair dúbailt tuarasdail as."

"D’ḟéadfá-sa, a ríġ,” arsa ’n fear, “an ceann a ḃaint de ḋuine, aċ ní ḟéadfá an ceann a ċur air airís agus é ṫógaint ó’n mbás."

"Conus a ḃainean san leis an sgéal?” arsa’n ríġ.

"D’ḟéadas-sa an deaṁan do ċur isteaċ i gcorp Ċaṫail,” arsa’n fear, “aċ ní ḟéadfainn an deaṁan do ċur amaċ airís as, aċ ċóṁ beag agus d’ḟéadfaḋ ríġ Ulaḋ an ceann a ċur ar ḋuine airís agus é ṫógaint ó’n mbás."

"Is ait an sgéal é sin,” arsa’n ríġ, “a ḃeiṫ ar do ċumas é ċur isteaċ, agus gan a ḃeiṫ ar do ċumas é ċur amaċ."

"Ḃí toil an deaṁain agus toil Ċaṫail ag caḃruġaḋ