Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/36

This page has not been proofread.
28
An Craos-Deaṁan.

agus nuair a ċonacadar an sult i súiliḃ an ḟile ṫáinig uaḃar agus boċtaineaċt agus fearg ṫar bárr orṫa.

"’Seaḋ anois, a ṁaiṫe Ċorcaiġe,” arsa Mainċín, "cad is dóiċ liḃ is ceart a ḋéanaṁ leis an rascail seo?"

"É ċroċaḋ!” ar siad, d’aon ġuṫ.

Ní raiḃ aon ċoinne ag Mac Conglinne le n-a leiṫéid sin de ḃreiṫ. Ċeap sé go gcurfaí easgaine nó mallaċt nó coinneal-ḃáṫaḋ, nó rud éigin de’n tsórd san air. Siné a ḃí uaiḋ, agus ḃí a ċúis féin aige leis. Aċ nuair a fuair sé go raḃṫas ar tí é ċroċaḋ, ambasa níor oir san i n-aon ċor dó.

"Aisge ḋom, a Ṁainċín agus a ṁaiṫe Ċorcaiġe!" ar seisean.

B’é dlíġ na h-aimsire sin, nuair a daorfaí duine ċun báis, aon rud d’iarfaḋ sé nár ḃ’ḟoláir an rud san a ṫaḃairt dó, aċ ná h-iarfaḋ sé é leigint saor. Aisge a tugtí ar an aċainiġe d’iartí ar an gcuma san.

"Go leigfí t’anam leat, an eaḋ?” arsa Mainċín.

"Ní h-eaḋ,” arsa Mac Conglinne, “cé nár ṁisde liom dá dtagaḋ san as."

"Abair an aisge,” arsa Mainċín.

"Ní déarfad,” arsa Mac Conglinne, “go dtí go mbéiḋ geallaṁaint fé ċeangal agam go ḃfaġad an aisge."

Do tugaḋ an ġeallaṁaint dó, fé ċeangal, agus ċuaiḋ maiṫe Ċorcaiġe i n-uruḋas air go gcaiṫfeaḋ sé an aisge ḋ’ḟáġail. Mura dtugtí an ġeallaṁaint dó ar an gcuma san d’ḟéadfaḋ Mainċín é ḋ’eiteaċ ar an aisge ċóṁ luaṫ agus do ’neósfaḋ sé cad a ḃí uaiḋ.

"Abair an aisge anois,” arsa Mainċin.

"Déarfad,” arsa Mac Conglinne. “Tá raint bíḋ