Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/38

This page has not been proofread.
30
An Craos-Deaṁan.

Ḃí Mainċín ag feuċaint air agus ag éisteaċt leis, agus ḃí sé go cráiḋte agus go loisgiṫe, mar ḃí ’ḟios aige go maiṫ gur ċuige féin an uile ḟocal. Ḃí an ceart sa méid sin aige. Níor ċuir Mac Conglinne aon tsuim ann, áṁṫaċ. Ḃí ’ḟios aige go raiḃ an aisge aige gan ḃuiḋeaċas dó, daingean fé uruḋas. Ċomáin sé leis ag iṫe ar a ṡuaiṁneas go dtí go raiḃ an dá ḃulóig agus an slisne bagúin iṫte aige. An ḟaid a ḃí sé ag iṫe ḃí na bacaiġ ag cur na súl tríd, aċ níor ṫug sé blaise ḋóiḃ.

Nuair a ḃí an dá ḃulóig agus an bagún iṫte aige, gan oiread agus brúsgar fuíolaiġ ḟágáil, d’ḟeuċ sé ’na ṫímpal. Ḃí buiḋean armṫa mar luċt coimeádta air ċun gan leigint dó imṫeaċt.

"Ní béile ḃíḋ biaḋ gan deoċ,” ar seisean. “Beir- tear go bruaċ na Laoi mé,” ar seisean, “go n-ólad mo ḋóiṫin d’uisge na Laoi. Nuair ná tugtar aon deoċ eile ḋom, isé is lúġa is gann do ṁuintir Ċorcaiġe, ó ’s iad atá fial, mo ḋóiṫin d’uisge na Laoi ṫaḃairt dom. Ní gáḋ ḋóiḃ eagla ḃeiṫ orṫa go gcuirfead an aḃa i luiġead. Do tugaḋ cuid ṁaiṫ de’n uisge ḋom aréir, aċ teastuiġean deoċ eile anois uaim."

"Tugtar a ḋóiṫin d’uisge na Laoi ḋó,” arsa cáċ. "Isé a ċeart é as an aisge a tugaḋ dó, agus ní ceart gan iomláine na h-aisge ṫaḃairt dó."

"Tá níḋ eile aige le fáġail uaim-se ar dtúis," arsa Mainċín. “Tá masla taḃarṫa aige do’n Ċreid- eaṁ agus ní foláir sailm na mallaċt do léiġeaḋ os a ċionn agus é ċur fé ċoinneal-ḃáṫaḋ ar dtúis, ansan bíoḋ sé ag ól uisge na Laoi go h-oíḋċe má’s maiṫ leis é."

Do léiġeaḋ sailm na mallaċt ar Ṁac Conglinne, agus do cuireaḋ fé ċoinneal-ḃáṫaḋ é.