Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/40

This page has not been proofread.
32
An Craos-Deaṁan.

tart ort eiriġ as an obair sin, agus béarfar ṫar n-ais tú."

"Táim ag ól mo ċuid díġe ar an gcuma is fearr ’na réiḋteóċaiḋ an deoċ liom. Is fearrde biaḋ nó deoċ é ċaiṫeaṁ go réiḋ. Aċ i dtaoḃ an uisge seo na Laoi, isé mo ṫuairim láidir d’á réiḋe a h-óltar é gur b’eaḋ is fearr é. D’ólas-sa féin cuid dé aréir. Níor leigeaḋ dom é ḋ’ól réiḋ, agus go deiṁin ní ró ṁaiṫ a réiḋtiḋ sé le m’ ġoile. Ḋéin sé breóite mé. Ní h-alaiḋ ḋom mé féin a ḋéanaṁ breóite airís leis tré gan aimsir mo ḋóiṫin a ġlacaḋ ’ġá ól."

"Téanam!” arsa’n fear tosaiġ. “Árduiġmís linn ṫar n-ais é. Ag magaḋ fúinn atá sé.” Agus ḋéin sé anonn ar Ṁac Conglinne ċun beirṫe air.

D’ḟeuċ Mac Conglinne idir an dá ṡúil air.

"Seaċain tú féin, a ḋuine ṁacánta!” ar seisean. "Is caol an rud an dlíġ. Ná cuir barra méire orm, nó is duit is measa. Ná fuil ’ḟios agat go ḃfuil aisge agam ó Ṁainċín, agus go ḃfuil maiṫe Ċorcaiġe t’réis dul i n-uruḋas ar ṫaḃairt na h-aisge sin dom? Is cuid de’n aisge sin neart a ḃeiṫ agam ar mo ḋóiṫin de’n uisge seo ḋ’ ól. Ní’l aon aimsir gearrṫa amaċ dom ċuige sin. Ní’l bac orm mo ḋóiṫin aimsire ċaiṫeaṁ leis. Má beirtear ṫar n-ais as so mé gan mo ḋóiṫin uisge ḃeiṫ ólta agam cuirfead mo ġearán isteaċ láiṫreaċ, i láṫair uaisle Ċorcaiġe, nár tugaḋ dom an aisge t’réis iad féin do ḋul i n-uruḋas air go dtaḃarfaí. Cad a ḃéiḋ agat-sa le ráḋ ansan? Deirim leat, a ḋuine ṁacánta, feuċaint róṁat."

"Is fearr sgaoileaḋ leis,” arsa ’n ċuid eile de’n luċt coimeádta. “Tá an la fada. Corfar é."

Do lean an sgéal ar an gcuma san go ceann tamaill ṁaiṫ eile, Mac Conglinne ag ól an uisge de