Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/47

This page has not been proofread.
39
An Craos-Deaṁan.

de’n ḃiaḋ agus de’n diġ is fearr sa ṁainistir seo Ċorcaiġe, agus cead codlata i leabaiḋ Ṁainċín féin, agus í ċóruġaḋ ḋom fé’n éadaċ leapṫan is fearr sa ṁainistir."

Do liúiġ a raiḃ láiṫreaċ le sult agus le gáirí.

"Ġeaḃair an aisge sin! Ġeaḃair an aisge sin!" ar siad go léir d’aon-ġuṫ aċ Mainċín féin. D’ḟeuċ sé ar Ṁac Conglinne, agus d’ḟeuċ sé ’na ṫímpal ar luċt an tsuilt.

"Is éagsaṁlaċ an duine ṫú!” ar seisean. “Aċ bíoḋ agat. Croċfar amáireaċ tú, agus is mór an suaiṁneas ar an gcaṫair é!"

Do rugaḋ Mac Conglinne isteaċ sa ṁainistir, agus do tugaḋ béile na h-oíḋċe ḋó de’n ḃiaḋ dob’ ḟearr a ḃí sa ṁainistir. Ansan do tugaḋ a ḋóiṫin fíona le n-ól dó de’n ḟíon ab ḟearr a ḃí sa ṁainistir. Nuair a ḃí a ḋóiṫin iṫte agus ólta aige do rugaḋ isteaċ é sa tseómra i n-a gcodlaḋ an t-Abb féin, agus do cóiriġeaḋ leaba Ṁainċín dó, agus do cuireaḋ an t-éadaċ leapṫan dob’ ḟearr a ḃí sa ṁainistir uirṫi ḋó. Ċuaiḋ sé a ċodlaḋ, agus murar ċodail sé go maiṫ an oiḋċe roim ré ní baoġal ná gur ċodail sé go maiṫ an oíḋċe sin.

D’imṫiġ Mainċín agus na manaiġ ċun gnóṫa an Doṁnaiġ do ċríoċnugaḋ agus do ċur ċun taisge. Ḃí a lán le déanaṁ acu, mar ḃí Mac Conglinne tar éis gnóṫa an lae do ċur i n-aiṁréiḋ agus i ndiaiġ láṁa orṫa. Ḃí cluig acu le bualaḋ, agus ḃí tráṫana acu le léiġeaḋ, agus cantainn salm acu le déanaṁ, agus biaḋ le taḃairt do ḃoċtaiḃ acu, agus na boiċt go díombáḋaċ ag feiṫeaṁ leis. Ḃí an ċéad ġreas cod- alta go sáṁ ag Mac Conglinne sar ar ḟéad Mainċín ná aoinne d’á ṁanaċaiḃ síneaḋ ar leabaiḋ i n-aon ċor.