Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/57

This page has not been proofread.
49
An Craos-Deaṁan.

min ċoirce agus leaṁnaċt a cuireaḋ mar ṁairtaol ann, nuair a ḃíṫeas ’ġá ḋéanaṁ. Ḃí móta mór, doiṁinn, leaṫan, mór-ṫímpal, lasmuiċ de’n ḟalla ċosanta. Leaṁnaċt a ḃí sa ṁóta i n-inead uisge. Ḃí droċad ar an móta ar aġaiḋ ġeata an ċaisleáin. D’im úr ċruaiḋ a ḃí an droċad déanta, agus ḃí falla bagúin ar gaċ taoḃ, mar ṡlat-droċaid. Ċuaḋmar ṫar droċad. D’osgail an geata ḋúinn uaiḋ féin. Do ḃileógaiḃ mairtḟeóla a ḃí an geata déanta, agus é ar ṫuisleanaiḃ agus ar ḃacánaiḃ geire. Ċuaḋmar isteaċ. Ba ḃreaġ an caisleán é, agus ba ċúmṫa, agus ba ċóraċ, agus ba ḋaingean. Ḃí na fallaí déanta de ḃulógaiḃ snuiḋte agus iad curṫa ar a ċéile ċóṁ dlúṫ sin ná raiḃ aon tslíġ eatarṫa ċun aon ġaoiṫe do lei- gint isteaċ. Istiġ sa ċaisleán ḃí seómraí móra árda, agus polaí cáise eatarṫa, a ḃí ċóṁ h-árd leis an gcaisleán féin. Arán cruiṫneaċtan a ḃí ċóṁ geal le sneaċta iseaḋ ḃí i n-úrlár an ċaisleáin, agus sail- eana móra fada troma geala, de ṡeana ġruṫ ċruaiḋ, ṫuas mar raċtaí ag coimeád an ċinn air, agus bataí- snaiḋm de ṡeana ḃagún láidir ag coimeád na raċtaí sin gan leaṫaḋ ó ċéile.

"Ansúd i dtaoḃ de’n ċaisleán ḃí tobar breaġ, agus ní h-uisge fuar a ḃí ag eiriġe sa tobar san, aċ fíon. Ḃí sruṫán ag ruiṫ treasna an úrláir, agus ní h-uisge a ḃí sa tsruṫán san aċ beóir; agus ḃí sruṫán eile, i n’aice sin, agus sruṫán leanna b’eaḋ é. Las- muiċ de’n ċaisleán, idir é agus an ḟaraige leaṁnaċta, ḃí loċ praisge agus dob’ áluinn an barra méiṫ a ḃí air. Ḃí an talaṁ, idir an caisleán agus an ḟaraige leaṁnaċta, leigiṫe amaċ ’na ġáirdíníḃ breaġṫa, agus na claḋaċa a ḃí ar na gáirdíníḃ sin is sgeaċa ime a ḃí orṫa, agus bláṫ-bán blonaige ar na sgeaċaiḃ sin. Ar