Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/92

This page has not been proofread.
84
An Craos-Deaṁan.

an greim, agus é naċ mór ’na ḃéal aige, do h-airiġeaḋ ins gaċ aon ṗáirt de’n dún an buille a ḃuail a ḃéal uaċtair agus a ḃéal iaċtair ar a ċéile, agus gan eatarṫa aċ an folaṁas.)

""Imṫiġ ort, a ṁic léiġinn,” ar seisean, “go Talaṁ an Ḃíḋ; go feóil úr; go feóil ġuirt; go sóġ; go rósta; go caoirḟeóil; go laoiġḟeóil; go h-anaiṫre mairt; go leite leaṁnaċta; go saill seana ḃagúin; go cabáiste geal; go meacain; go h-inniúin; go cáiréadaí; go gruṫ; go meaḋg; go h-úr-ṁaoṫol; go h-uḃla cúṁrṫa; go h-eiṫne cnó; go spiúnáin ḃoga; go súġa craoḃ; go súġa talṁan; go silíní a ċuirfiḋ uisge fé t’ḟiacalaiḃ; go cornaiḃ lána le folaṁuġaḋ; go cornaiḃ folaṁa le líonaḋ agus le folaṁuġaḋ airís. Gluais!” ar seisean. “Má imṫiġean tú láiṫreaċ agus gan aon aimsir a ċailleaṁaint, béiḋ tú ann an lá a ḃéiḋ an taḃairt amaċ mór acu. Ċíḋfir an ríġ féin ’na ṡuiḋe ’na ċaṫaoir ríoga, a déineaḋ dó fadó d’asnaiḋeaċaiḃ na ḃfiaḋ a ṁairḃ sé féin agus é ag fiaḋaċ ar ṡléiḃtiḃ Mórḃíḋ. Ċíḋfir ’na suiḋe ar gaċ taoḃ dé an ḃeirt uasal, an dá Ridire Luan. Ċíḋfir na h-uaisle go léir ann, agus a ḃrat geal blonaige ar gaċ uasal acu, agus a ċlaiḋeaṁ ḟada ḋíreaċ, de ġeir ċaoraċ, ’na láiṁ aige, agus a ċíste aráin cruiṫneaċtan mar sgiaṫ sa láiṁ eile aige. Ċíḋfir an áit go léir lán d’uaisliḃ agus de ḋaoine, agus de’n uile ṡaġas bíḋ agus díġe d’á ḟeaḃas agus d’á ḟoláine agus d’á ḃríoġṁaire. Gluais agus bí i n-am!"

""Gluaiseóċad ċeana,” arsa mise, “aċ inis an méid seo ḋom, a ṁic Lán na Beilte,” arsa mise, “ó innsis gaċ aon rud eile dom. Cé ’cu de ṫaoiseaċaiḃ Tuaṫ Bíḋ, seaċas a ċéile, gur fearra ḋom ḃeiṫ fé n-a gcomairce ċun mé ċosaint ar ṫonntaċaiḃ móra anaiṫre mairt?"