Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/102

This page has been proofread.

94

ceann leaṫ-ḃliaḋna. Ḃí sí as a meaḃair ar feaḋ na haimsire sin. Ṫáinig sí ċuici féin i ndiaiḋ a ċéile, agus ní ċeapfaḋ duine ar biṫ go raiḃ aon ċeo uirṫi anois aċt aṁáin go síleann sí go ḃfuil a mac gan filleaḋ a ḃaile fós ó aonaċ Uaċtair Áird. Bíonn sí ag fanaċt leis i gcoṁnaiḋe, ina seasaṁ nó ina suiḋe sa doras leaṫ an lae, agus ’ċuile níḋ réiḋ aici roiṁ a ṫeaċt a ḃaile. Ní ṫuigeann sí go ḃfuil aon aṫruġaḋ ar an saoġal ó’n oiḋċe sin. Sin é an fáṫ, a Ċóilín, arsa m’aṫair liom, “naċ raiḃ a ḟios aici go raiḃ an bóṫar iarainn ag teaċt ċoṁ fada leis an Teaċ Dóiġte. Amannta cuiṁniġeann sí uirṫi féin agus tosuiġeann uirṫi ag caoineaḋ mar ċonnaic tusa í. ’Sí féin a rinne an caoineaḋ údan a ċuala tú uaiṫi. Go ḃfóiriḋ Dia uirṫi, arsa m’aṫair ag cur deiriḋ le n-a sgéal.

“Agus, a ḋeaide,” arsa mise, “ar ṫáinig aon litir ó’n mBainríoġain ina ḋiaiḋ sin?”

“Níor ṫáinig, ná a daṫ.”

“Meas tú, a ḋeaide, an é Cóilín a ṁarḃuiġ an tiġearna?”

“Tá a ḟios agam naċ é,” adeir m’aṫair. “Dá mbaḋ é, d’aṁdóċaḋ sé é. Tá mé ċoṁ cinnte is atá mé beo anoċt gurab é an fear duḃ a ṁarḃuiġ an tiġearna. Ní abraim naċ raiḃ Cóilín boċt sa láṫair.”