Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/103

This page has been proofread.

95

“An rugaḋ riaṁ ar an ḃfear duḃ?” arsa mo ḋeirḃṡiúr.

“Ní rugaḋ, muis’,” arsa m’aṫair. “Is beag an baoġal a ḃí air.”

“Cia’rḃ é an fear duḃ, meas tú, a ḋeaide?” arsa mise.

“Creidim i láṫair Dé,” arsa m’aṫair, “gur pílear ó Ċaisleán Ḃaile Áṫa Cliaṫ a ḃí ann. Ċonnaic Cuimín Ó Niaḋ fear an-ċosṁail leis ag taḃairt fiaḋnaise i n-aġaiḋ buaċalla eile i dTuaim bliaḋain ina ḋiaiḋ sin.”

“A ḋeaide,” arsa Seaġáinín go hobann, “nuair ḃéas mise im’ ḟear, marḃóċaiḋ mé an fear duḃ sin.”

“Sáḃálaiḋ Dia sinn!” adeir mo ṁáṫair.

Leag m’aṫair a láṁ ar ċloigeann Ṡeaġáinín.

“B’ḟéidir, a ṁaicín,” ar seisean,go mbeaḋ muid uilig ag baint teaillí-hó as an arm duḃ sul raċas cré orainn!”

“Tá sé i n-am Paidrín,” adeir mo ṁáṫair.

(A ĊRÍOĊ-SAN)