Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/12

This page has been proofread.

4

ina triopallaiḃ fada fá n-a ceann, agus ḋá ṡúil ġlasa aici do ḋearcfaḋ go mall maorḋa agus go buaiḋearṫa brónaċ ort. Do ḃí sé de ḃuaiḋ ag Máire go gceannsuiġtí leanḃ crosta nó go gcodluiġeaḋ leanḃ breoiḋte le féaċaint ar an aġaiḋ ṁín ṁánla úd aici agus ar na súiliḃ glasa gráḋṁara úd aici.

Do ṫosnuiġ Máire ag gaḃáil Ċrónáin na Banaltra de ġlór íseal. Do stad na mná eile de’n ċoṁráḋ ionnus go n-éistfidís léiṫi. Ba ġearr go raiḃ an naoiḋeanán ina ṫoirċim ṡuain. D’éiriġ Máire agus do ċuaiḋ ar ais go dtí an áit ina raiḃ sí ina suiḋe ċeana. Do ṫosnuiġ uirṫi ag cárdáil arís.

“Go raiḃ maiṫ agat, a Ṁáire,” arsa Bairbre. “Níl iongantas ar biṫ aċt an ċaoi a ḃfuil tú i n-ann na páistí a ċur a ċodlaḋ. Cé gur liom féin an t-oiġre óg sin, ḃeinn uair a’ ċluig leis ṡul ’á gcodlóċaḋ sé ḋom.”

“Tá draoiḋeaċt ag Máire,” arsa bean eile.

“Is geall le ceoltóiríḃ Ṁeiḋḃe í a ċuireaḋ sluaġ fear a ċodlaḋ nuair a ġaḃaidís a suan-traiḋe,” adeir sean-Úna Ní Griallġais.

“Naċ breaġ uaiṫi Crónán na Banaltra a ráḋ?” ars’ an dara bean.

“M’anam go gceapfá gurab í an Ṁaiġdean féin ḃeaḋ ’ġá ráḋ,” arsa sean-Úna.