Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/15

This page has been proofread.

7

pléasgaḋ na teine agus ceileaḃar na gcriogar. D’éiriġ Máire.

“Béiḋ mé ag giorraḋ an ḃóṫair,” ar sise. “Go dtugaiḋ Dia oiḋċe ṁaiṫ ḋíḃ, a ṁná.”

“Go luaṫaiḋ Dia leat, a Ṁáire,” d’ḟreagradar-san le ċéile. Ṫug sí an doras amaċ uirṫi féin.

Do ḃí mar do ḃeaḋ caor ṫeine i gcroiḋe na mná sin agus í ag dul an ḃóṫair a ḃaile fá ḋorċadas na hoiḋċe. Mór-ṁian a hanma do ḃí ’gá creaċaḋ agus ’gá losgaḋ le fada, .i. mian cloinne. Do ḃí sí pósta le ceiṫre bliaḋnaiḃ, aċt ní raiḃ aon ċlann aici. Is minic do ċaiṫeaḋ sí na huaireannta ar a glúnaiḃ ag guiḋe Dé leanḃ do ċur ċuici. Is minic d’éiriġeaḋ sí de’n leabaiḋ de ṡiuḃal oiḋċe agus dul ar a ḋá glúin noċtuiġṫe ar an lic ḟuair ċruaiḋ ag déanaṁ na haṫċuinge céadna. Is iomḋa píonós do ċuireaḋ sí uirṫi féin le súil go mbogfaḋ cráḋ a colna croiḋe Dé. Is minic nuair do ḃíoḋ a fear as baile do ṫéiġeaḋ sí do ċodlaḋ gan dinnéar gan suipéar. Uair nó ḋó nuair do ḃí a fear ina ċodlaḋ d’ḟág sí an leaba agus do ċuaiḋ amaċ agus do ṡeas sgaṫaṁ fada fá ḋrúċt na hoiḋċe ag cur a himpiḋe go huaigneaċ ċum na spéar ndorċa. Uair aṁáin do ḃain sí fuil as a slinneanaiḃ le buillíḃ ṫug sí di féin le laisg. Uair eile do ṡáiṫ sí dealga isteaċ ina feoil i gcuiṁne ar