Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/16

This page has been proofread.

8

an gcoróin spíonta do ċuaiḋ ar ṁalainn an tSlánuiġṫeora. Do ḃí na píonóis agus an cráḋ croiḋe ag goilleaṁaint ar a sláinte. Níor ṫuig aon duine céard do ḃí uirṫi. Níor ṫuig a fear féin, fear macánta moḋaṁail, an sgéal i gceart, cé gur minic do ċluineaḋ sé san oiḋċe í ag cainnt léiṫi féin mar do ḃeaḋ máṫair ag cainnt le leanḃ nuair do ṁoṫóċaḋ sí a láṁ nó a ḃéal le n-a cíċ. Fairíor géar, is iomḋa bean ḟáisgeas le n-a croiḋe agus laḃruiġeas go híseal i gciúintráṫ na hoiḋċe le leanḃ naċ rugaḋ is naċ mbéarfar.

Dob’ ḟada le Máire go dtáinig Oiḋċe Nodlag. Aċt mar ṫéiġeas caiṫeaṁ i ngaċ níḋ, do ċuaiḋ caiṫeaṁ san gcáirde aimsire sin. Dob’ ḟada léiṫi lá Oiḋċe Nodlag go dtáinig an deireaḋ lae. Do sguab sí urlár an tiġe agus do ġlan sí na caṫaoireaċa agus d’ḟaduiġ sí teine ṫéagarṫa roiṁ ḋul do ċodlaḋ di. D’ḟág sí an doras ar osgailt agus do leag sí coinneall ḟada ġeal san ḃfuinneoig. Nuair do ṡín sí le hais a fir, níorḃ’ ċum codalta é, aċt ċum faire. Do b’ḟada léiṫi gur ċodail a fear. D’airiġ sí fá ḋeireaḋ ar a ċiúine is do ḃí sé ag tarraing a anáil go raiḃ sé ina ċodlaḋ. Annsin d’éiriġ sí, do ċuir uimpi a gúna, agus do ṫéaluiġ amaċ go dtí an ċistin. Ní raiḃ aon duine roimpi.