Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/18

This page has been proofread.

10

ar éigin do ḃí innti a hanál do ṫarraing.

Sa deireaḋ d’éiriġ an ḃean. Is annsin d’éiriġ Máire. Do ċuaiḋ sí anonn ċum na mná.

“A Ṁuire,” ar sise de ġlór an-íseal.

Do ṫionntuiġ an ḃean a haġaiḋ uirṫi. Aġaiḋ áluinn ṁaorḋa dob’ eaḋ í.

“A Ṁuire,” adeir Máire arís, “impiḋe agam ort.”

“Abair,” ars’ an ḃean eile.

“Leanḃ ag ól bainne mo ċíċe,” arsa Máire. “Ná diúltuiġ mé, a Ṁuire.”

“Druid liom níos goire,” adeir an ḃean eile.

Do ḋruid Máire léiṫi. D’árduiġ an ḃean eile a leanḃ féin. Do ṡín an leanḃ a ḋá láiṁ ḃeaga amaċ agus do leag láṁ go mín ar gaċ leacain de ḋá leacain Ṁáire.

“Déanfaiḋ an ḃeannaċt sin torrṫaċ ṫú,” adeir an Ṁáṫair.

“Is maiṫ an ḃean ṫú, a Ṁuire,” arsa Máire. “Is maiṫ é do Ṁac.”

“Fágaim beannaċt ins an tiġ so,” ars’ an ḃean eile.

D’ḟáisg sí a leanḃ le n-a huċt arís agus do ġaḃ an doras amaċ. Do ċuaiḋ Máire ar a glúnaiḃ.

******

Tá bliaḋain caiṫte ó’n Oiḋċe Nodlag sin. An