Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/19

This page has been proofread.

11

uair ḋeiriḋ do ġaḃas ṫar tiġ Ṁáire, do ḃí leanḃ ina huċt. Do ḃí an ḟéaċain úd uirṫi naċ mbíonn ar éinne aċt ar ṁáṫair nuair ṁoṫuiġeas sí béal a céid-ṁic le n-a cíċ.

“Is fearr le Dia na mná ioná na fir,” aduḃras liom féin. “Is ċuca-san ċuireas sé na bróin is mó agus is orṫa-san ḃronnas sé an t-aoiḃneas is mó.”

(A ĊRÍOĊ-SAN)