Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/23

This page has been proofread.

AN DEARG-DAOL

FEAR siuḃail as Dúṫaiġ Ṡeoiġe ṫáinig isteaċ i dteaċ m’aṫar d’innis an sgéal so ḋúinn cois teallaiġ oiḋċe ġarḃ ġeiṁriḋ. Do ḃí an ġaoṫ ag caoineaḋ ṫart timċeall an tiġe ar nós mná ag caoineaḋ marḃ, le linn laḃarṫa ḋó, agus do-ġníoḋ sé a ġlór d’árduġaḋ nó d’ísliuġaḋ de réir mar d’árduiġeaḋ nó mar d’ísliġeaḋ glór na gaoiṫe. Fear árd do ḃí ann, súile fiaḋáine aige, agus a ċuid éadaiġ beag naċ ina mbalcaisíḃ. Do ḃí saġas eagla orm roiṁe nuair ṫáinig sé isteaċ, agus níor luġde m’eagla a sgéal.

Na trí feiṫidí is beannuiġṫe ar an doṁan, ars’ an fear siuḃail, an ċadóg, an spideoigín, agus bó Dé. Agus na trí feiṫidí is malluiġṫe ar an doṁan, an naṫair niṁe, an dreoilín, agus an dearg-daol. Agus ’sé an dearg-daol an feiṫide is malluiġṫe aca. Is agam-sa atá a ḟios sin. Dá marḃóċaḋ fear do ṁac, a ḃean