16
an tiġe, ná taḃair dearg-daol mar ainm air. Dá dtiocfaḋ bean idir tú féin agus do ċéile leapṫan ná cuir i gcomórtas leis an dearg-daol í.”
“Sáḃálaiḋ Dia sinn,” adeir mo ṁáṫair.
“Ámen, a Ṫiġearna,” ars’ an fear siuḃail.
Níor laḃair sé arís go ceann sgaṫaiṁ. D’éisteamar ar fad, mar do ḃí a ḟios againn go raiḃ sé ċum sgéal d’innsint. Ba ġearr gur ṫosnuiġ sé.
Nuair a ḃí mise ’mo sguraċ ars’ an fear siuḃail, ḃí bean ar an bpobal sagainne a raiḃ faitċíos ar ’ċuile ḋuine roimpi. I mboṫán uaigneaċ i mám sléiḃe a ḃí coṁnaiḋe uirṫi. Ní ġaḃaḋ aon duine i ḃfoigseaċt dá teaċ. Ní ṫagaḋ sí féin i ngar do ṫeaċ duine ar biṫ eile. Ní laḃruiġtí léiṫi nuair a castaoi do ḋuine ar an mbóṫar í. Ní ċuireaḋ sise focal ná fáirnéis ar ḋuine ar biṫ. Baḋ ṫruaġ leat an créatúir a ḟeiceál agus í ag gaḃáil an ḃóṫair ina haonar
“Cia hí súd,” adeirinn-se lem’ ṁáṫair “nó ’tuige naċ laḃruiġtear léiṫi?”
“Éist, a ġiolla,” adeireaḋ mo ṁáṫair liom. “Sin í an Dearg-Daol. Is bean ṁalluiġṫe í.”
“Céard a rinne sí, nó cia ċuir an ṁallaċt uirṫi?” adeirinn-se.
“Sagart Dé a ċuir an ṁallaċt uirṫi,” adeireaḋ