Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/28

This page has been proofread.

20

teine naċ ndeasóċaiḋe. Ċaill sí a goile agus a luṫ. Tar éis ráiṫe ní raiḃ ann aċt a sgáil. Tar éis míosa eile ḃí sí sa gcill.

Ṫáinig an Dearg-Daol anuas an sliaḃ an lá ar cuireaḋ í. Ní leigfiḋe isteaċ sa roilig í. D’imṫiġ sí a bealac suas an sliaḃ arís go huaigneaċ. Ḃí truaġ agam do’n ċréatúir, mar ḃí a ḟios agam nár ṁór ar mbrón-ne ’ná brón-se. Ċuaiḋ mé féin suas an cnoc maidin lá ar n-a ḃáraċ. Ḃí fúm a ráḋ léiṫi naċ raiḃ aon ṁilleán agam-sa ná ag mo ṁnaoi uirṫi. Ḃuail mé ar an doras. Ní ḃfuair mé aon ḟreagra. Ċuaiḋ mé isteaċ sa teaċ. Ḃí an ġríosaċ dearg ar an teallaċ. Ní raiḃ duine ar biṫ le feiceál. Ṫug mé leaba fá deara sa gcúinne. Ċuaiḋ mé anonn go dtí an leaba. Ḃí an Dearg-Daol ina luiġe annsin agus í fuar marḃ.

Ní raiḃ aon raṫ orm-sa ná ar mo ċoṁluadar ó’n lá sin amaċ. Cailleaḋ mo ḃean mí ina ḋiaiḋ sin agus í ag breiṫ a leinḃ. Níor ṁair an leanḃ. Ṫáinig galar ar mo ḃeiṫiḋeaċaiḃ an geiṁreaḋ dár gcionn. Ċuir an tiġearna amaċ as mo ṡeilḃ mé. Tá mé im’ ḟear ṡiuḃail, agus bóiṫre Connaċt roṁam, ó ṡoin i leiṫ.

(A ĊRIOĊ-SAN)