26
so. ‘Fanfaiḋ tusa sa mbaile a Nóra, le aire a ṫaḃairt do’n ṗáiste,’ adeir mo ṁáṫair. Sin í an ċaoi i gcoṁnaiḋe. Is truaġ naċ gasúr fir a rinne Dia ḋíom.”
Do ḃí Cuimín ag tiormuġaḋ a éadain fá’n am sin, agus “s-s-s-s-s” ar bun aige ar nós duine do ḃeaḋ ag deasuġaḋ capaill.
“Is truaġ, ’d eile,” ar seisean nuair d’ḟéad sé laḃairt.
Do ċaiṫ sé uaiḋ an tuḃáille, do ċuir a ċeann ar leaṫ-taoiḃ, agus d’ḟéaċ go sásta air féin san sgáṫán do ḃí ar croċaḋ ar an mballa.
“Sgoilt a ḋéanaṁ im’ ċuid gruaige anois,” ar seisean, “agus béiḋ mé ar ḟeaḃas.”
“Ḃfuil tú réiḋ, a Ċuimín?” adeir a aṫair ag teaċt aniar as an seomra.
“Táim.”
“Béimid ag bogaḋ linn.”
Ṫáinig an ṁáṫair aniar.
“Má ḃíonn sé súd ag caoineaċán, a Nóra,” ar sise “taḃair deoċ ḃainne ḋó as an mbuidéal.”
Ní duḃairt Nóra focal. D’ḟan sí ina suiḋe ar an suiḋistín n-aice an ċliaḃáin agus a smig leagṫa ar a ḋá láiṁ agus a ḋá huilinn leagṫa