27
ar a glúnaiḃ. Do ċuala sí a haṫair agus a máṫair agus Cuimín ag dul amaċ an doras agus treasna na sráide; d’aiṫin sí ar a nglórṫaiḃ go raḃadar ag dul síos an bóiṫrín. Do ċuaiḋ na glórṫa i n-éag agus do ṫuig sí go raḃadar tar éis an bóṫar do ṫaḃairt dóiḃ féin.
Do ġaḃ Nóra ag cumaḋ pictiúirí bréige ina haigne. Do ċonnaic sí, dar léiṫi, an bóṫar breaġ réiḋ agus é geal fá ṡolus gealaiġe. Do ḃí na daoine ina mion-sgataíḃ ag déanaṁ ar ṫeaċ na sgoile. Do ḃí muinntir Ros na gCaoraċ ag teaċt amaċ an bóṫar, agus muinntir Ġairḃṫeanaċ ag triall ṫart le teaċ na máiġistreása, agus muinntir Ċill Ḃriocáin ag bailiuġaḋ anuas an cnocán, agus muinntir an Turlaiġ Ḃig cruinniġṫe ċeana; do ḃí dream ó’n Turlaċ agus corr-sgata ó Ġleann Ċaṫa, agus duine nó beirt as Inḃear ag teaċt isteaċ an bóṫar. Do saṁluiġeaḋ di go raiḃ a muinntir féin ag geata na sgoile anois. Do ḃíodar ag dul suas an casán. Do ḃíodar ag beannuġaḋ isteaċ an doras. Do ḃí teaċ na sgoile beag naċ lán, agus gan deireaḋ le teaċt na ndaoine fós. Do ḃí lampaí croċta ar na ballaíḃ agus an teaċ ċoṁ geal is do ḃeaḋ i lár an lae. Do ḃí an tAṫair Rónán annsin agus é ag dul ó ḋuine go duine agus ag cur fáilte roiṁ gaċ éinne. Do ḃí fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ ann agus é go láġaċ mar baḋ dual dó.