Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/38

This page has been proofread.

30

agus éirġe i moċ na maidne agus síneaḋ roimpi arís fá’n aer úr-aoiḃinn. Dá dteastóċaḋ biaḋ uaiṫi (agus is dóċa go dteastóċaḋ) do ḋéanfaḋ sí obair lae annso agus obair lae annsúd, agus do ḃeaḋ sí lán-tsásta dá ḃfuiġeaḋ sí cupán tae agus blúire aráin i ndíolaiḋeaċt a hoibre. Nár ḃreaġ an saoġal é sin seaċ is ḃeiṫ ina hasailín beag gearrċaile sa mbaile ag beaṫuġaḋ na gcearc agus ag taḃairt aire do’n naoiḋeanán!

Ní ina cailín d’imṫeoċaḋ sí roimpi aċt ina malraċ. Ní ḃeaḋ a ḟios ag duine ar biṫ naċ malraċ do ḃeaḋ innti. Nuair do ġearrfaḋ sí a cuid gruaige agus culaiḋ ḃáiníní le Cuimín do ċur uirṫi féin cia d’aiṫneoċaḋ gur gearrċaile í?

Ba ṁinic do ċeap Nóra an ċoṁairle sin di féin, aċt níor leig an faitċíos riaṁ di a cur i ngníoṁ. Ní raiḃ faġáil ċeart aici riaṁ air. Do ḃíoḋ a máṫair sa teaċ i gcoṁnaiṫe agus ní túisge do ḃeaḋ sí imṫiġṫe ioná do haireoċaiḋe ar iarraiḋ í. Aċt do ḃí faġáil aici anois. Ní ḃeaḋ éinne aca ṫar ais sa teaċ go ceann uaire a’ ċluig ar a laiġead. Do ḃeaḋ neart ama aici ċum a cuid éadaiġ d’aṫruġaḋ agus imṫeaċt i gan ḟios do’n tsaoġal. Ní casfaiḋe éinne uirṫi ar an mbóṫar ó ḃí an pobal uile cruinniġṫe i dteaċ na sgoile. Do ḃeaḋ am aici dul ċoṁ