32
ċasóg uirṫi féin. D’ḟéaċ sí sa sgáṫán agus do ġeit sí. Is aṁlaiḋ do ṡíl sí go raiḃ Cuimín os a coṁair! D’ḟéaċ sí ṫar a gualainn aċt ní ḟaca sí éinne. Is annsin do ċuiṁniġ sí gurab í féin do ḃí ag féaċaint uirṫi féin, agus do rinne sí gáire. Aċt má rinne féin do ḃí sí beagán sgannruiġṫe. Dá mbeaḋ caipín aici anois do ḃí sí réiḋ ċum bóṫair. ’Seaḋ, do ḃí a ḟios aici cá raiḃ sean-ċaipín le Cuimín. Do fuair sí é agus do ċuir ar a ceann é. Slán beo anois leis an sean-tsaoġal agus céad fáilte roiṁ an saoġal nua!
Nuair do ḃí sí ag an doras d’ionntuiġ sé ar ais agus do ṫéaluiġ anonn go dtí an cliaḃán. Do ḃí an leanḃ ina ṡáṁ-ċodlaḋ. Do ċrom sí agus ṫug póg do’n naoiḋeanán, póigín beag éadtrom isteaċ ar a ṁalainn. Do ṫéaluiġ sí ar ḃarraiḃ a cos go dtí an doras, d’osgail go ciúin é, do ċuaiḋ amaċ ar an tsráid, agus do ḋún an doras go socair ina ḋiaiḋ. Treasna na sráide léiṫi, agus síos an bóiṫrín. Ba ġearr go dtug sí an bóṫar di féin. Do lasg léiṫi annsin fá ḋéin an Turlaiġ Ḃig.
Ba ġairid go ḃfaca sí teaċ na sgoile ar ṫaoiḃ an ḃóṫair. Do ḃí solus breaġ ag sgallaḋ trí na fuinneogaiḃ. Do ċuala sí torann mar do ḃeiṫí ag gáiriḋe agus ag bualaḋ bos istiġ.