34
sé beagán níos giorra ioná ṫart le bóṫar. Ṫáinig sgata beag ċuici: d’aiṫniġ sí ar a nglórṫaiḃ gurab iad muinntir Ṗeaitín Johnny iad. Do ċuadar ṫart. Sgata beag eile: muinntir an Ḃádóra. Ṫángadar ċoṁ gar sin di gur ṡatail Éamonn ar a coisín ḃuiċt noċtuiġṫe. Is beag nár leig sí sgread aisti an dara huair, aċt ní ḋearna aċt í féin do ḃrúġaḋ níos goire do’n ḃalla. Do ḃí sgata eile i leiṫ: a Ḋia ṁóir, a muinntir féin! Do ḃí Cuimín ag ráḋ, “Nárḃ’ iongantaċ an spóirt Marcuisín ag daṁsaḋ!” Do ċuimil gúna a máṫar le leacain Nóra ag dul ṫart dóiḃ: níor ṫarraing sí a hanál ar feaḋ an ama sin. Do ċuaiḋ dream nó ḋó eile ṫart. D’éist sí ar feaḋ tamaill. Ní raiḃ éinne eile ag teaċt. Is aṁlaiḋ do ḃíodar ar fad imṫiġṫe, aduḃairt sí léiṫi féin. Amaċ léiṫi as a hionad folaiġ agus do lasg léiṫi ṫart an casán. Plimp! Do riṫ sí i n-aġaiḋ duine éigin. Do ḃí ḋá láiṁ ṁóra timċeall uirṫi. Do ċuala sí glór fir. D’aiṫniġ sí an glór. An sagart do ḃí ann!
“Cia tá agam?” adeir an tAṫair Rónán.
D’innis sí bréag. Céard eile do ḃí le n-a innsint aici?
“Cuimín Ċóil Laḃráis, a Aṫair,” ar sise.
Do leag sé láṁ ar gaċ gualainn léiṫi agus