37
n-a taoiḃ; go raiḃ páiste agus léine ḃán air ag imṫeaċt an bóṫar roimpi. D’osgail sí a béal le sgread do leigean aisti, aċt ní ṫáinig aon ġlór uaiṫi. Do ḃí fuar-allus léiṫi. Do ḃí a cosa ag lúbaḋ fúiṫi. Is beag nár ṫuit sí ina cnap ar an mbóṫar. Do ḃí sí ag Cnoc an Leaċta fá’n am sin. Do connacṫas di go raiḃ Cill Eoin lán de ṫaiḋḃsíḃ. Do ċuiṁniġ sí ar an ḃfocal aduḃairt an sagart: ‘Fainic an mbéarfaḋ na taiḋḃsí ort.’ Do ḃíṫeas ċuici! Do ċuala sí, dar léiṫi, plub plab cos noċtuiġṫe ar an mbóṫar. D’ionntuiġ sí ar ṫaoiḃ a láiṁe clí agus do ċaiṫ léim ṫar claiḋe. Is beag naċ ndeaċaiḋ sí dá báṫaḋ i dtóin-ar-ḃogaḋ do ḃí idir í féin agus an ċoill i gan ḟios di. Do ċas sí a cos ag iarraiḋ í féin do ṡáḃáil, agus do ṁoṫuiġ sí pian. Ar aġaiḋ léiṫi go fuaidreaċ. Do ḃí sí ar ṫaltaiḃ Eileaḃraċ annsin. Do ċonnaic sí lóċrann an loċa trí’n gcraoḃaiġ. Do ḃain préaṁ crainn tuisle aisti, agus do leagaḋ í. Do ċaill sí a meaḃair.
******
Tar éis tamaill an-ḟada do saṁluiġeaḋ di gur líonaḋ an áit de ċineál leaṫ-ṡoluis, solus do ḃí idir solus gréine agus solus gealaiġe. Do ċonnaic sí go han-tsoiléir buin na gcrann agus iad dorċa i n-aġaiḋ spéire buiḋe-uaiṫne. Ní ḟaca sí spéir ar an daṫ sin riaṁ roiṁe, agus