Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/52

This page has been proofread.

44

gurab ó’n Reaċtaḃraċ féin d’ḟoġluim Bríġid “Conntae Ṁuiġeo,” agus naċ le “Conntae Ṁuiġeo” do ḃain sí na deora móra as súiliḃ Ṡeaġáin Ṁic Éil tráṫ a raiḃ sé ar cuairt annso, i ḃfoċair ar nEaspuig féin, bliaḋain go díreaċ sul do rugaḋ mise?

Níḋ naċ iongnaḋ, nuair do ċualamar go raiḃ Feis le ḃeiṫ i Muiġ Ċaorṫainn, do ṡocruiġeamar go léir i n-ar n-intinn gurab ag Bríġid do ḃeaḋ an duais ar an aṁránaiḋeaċt, dá ngeoḃaḋ sí ann. Ní raiḃ aon duine eile, d’aṁránaiḋe fir ná d’aṁránaiḋe mná, leaṫ ċoṁ maiṫ léiṫi ins na seaċt bparáistíḃ. Níorḃ’ ḟéidir go mbuailfiḋe í, dá mbeaḋ ceart le faġáil. Do ċuirfeaḋ sí iongnaḋ ar ṁuinntir Ṁuiġe Caorṫainn agus ar na daoiniḃ uaisle do ḃeaḋ ann as Gailliṁ agus as Tuaim. Do ṫuillfeaḋ sí clú agus cáil do Ros na gCaoraċ. Do béarfaḋ sí an duais go réiḋ agus do cuirfiḋe go Baile Áṫa Cliaṫ í le aṁrán do ġaḃáil ag an Oireaċtas. Do ḃí sórt leisge ar Ḃríġid ar dtús. Do ḃí sí ró-ṡean, aduḃairt sí. Ní raiḃ a guṫ ċoṁ maiṫ is do ḃíoḋ. Ní raiḃ a hanál aici. Do ḃí cuid de na haṁránaiḃ ag imṫeaċt as a cuiṁne. Níor ṫeastuiġ duais uaiṫi. Naċ raiḃ a ḟios ag fearaiḃ Fáil gurḃ’ í an t-aṁránaiḋe dob’ ḟearr i nIar-Ċonnaċtaiḃ í? Nár ṁol an Reaċtaḃraċ í, naċ