Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/54

This page has been proofread.

46

asta nuair do ḃí críoċnuiġṫe aici agus í ag teaċt anuas. Do ċuireamar-ne liúġ asainn do ṡílfeá do ṗléasgfaḋ díon an tiġe. Do ċuaiḋ girrseaċ óg suas. Do ḃí an guṫ i ḃfad ní b’ḟearr aici ioná mar do ḃí ag Bríġid, aċt, dar linne, ní raiḃ an t-uaigneas ná an binneas céadna ins an aṁrán is do ḃí i n-aṁrán Ḃríġde. Ṫáinig sí anuas. Do ċuir na daoine na gárṫa asta arís, aċt ní ṫug mé fá deara go raiḃ éinne ag gol. D’éiriġ duine de na breiṫeaṁnaiḃ ina ṡeasaṁ. Do ṁol sé Bríġid go mór. Do ṁol sé an ġirrseaċ óg go mór freisin. Do ḃí sé an-ḟadálaċ.

“Cia aca a ġnóṫuig an duais?” arsa duine againne sa deireaḋ, nuair do ḃí ar gcuid foiġde caiṫte.

“Ó, an duais!” ar seisean. “’Seaḋ, i dtaoiḃ na duaise, támuid ’gá taḃairt do Nóra Ní Ċasaide (an cailín óg), aċt támuid ag molaḋ duais speisialta a ṫaḃairt do Ḃríġid Ní Ṁainín (.i. Bríġid sagainne). Cuirfear Nóra Ní Ċasaide go Baile Áṫa Cliaṫ le aṁrán a ráḋ ag an Oireaċtas.”

Do ċuir muinntir Ṁuiġe Caorṫainn liúġ asta, mar b’as Muiġ Ċaorṫainn Nóra Ní Ċasaide. Ní duḃramar-ne faic. Do ḃreaṫnuiġeas anonn ar Ḃríġid. Do ḃí a héadan bán-liaṫ, agus í ar criṫ ina ballaiḃ.