Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/55

This page has been proofread.

47

“Céard duḃairt tú, a ḋuine uasail, led’ ṫoil?” ar sise de ġlór aisteaċ. “An agam-sa atá an duais?”

“Támuid ag molaḋ duais speisialta a ṫaḃairt duit, a ḃean ċóir, mar ċruṫuiġ tú go ríġ-ṁaiṫ, ċruṫuiġ sin, aċt is do Nóra Ní Ċasaide atá duais na Feise molta.”

Níor laḃair Bríġid focal, aċt is aṁlaiḋ d’éiriġ sí ina seasaṁ agus, gan breaṫnuġaḋ ṫairsti do ṫaoiḃ na láiṁe deise ná do ṫaoiḃ na láiṁe clí, ṫug an doras amaċ uirṫi féin. Do ḃuail sí an bóṫar go Ros na gCaoraċ, agus do ḃí sí roṁainn nuair do ṡroiċeamar an baile go deireannaċ san oiḋċe.


∗             ∗

Do ḃí an tOireaċtas le ḃeiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ an tseaċtṁain dár gcionn. Ba ḃrónaċ an dream sinn ar ċuiṁniuġaḋ ḋúinn naċ mbeaḋ Bríġid na nAṁrán ann. Do ḃíomar lán-ċinnte naċ ḃfuair sí coṫrom na Féinne i Muiġ Ċaorṫainn, agus do ċeapamar dá ngeoḃaḋ sí go Baile Áṫa Cliaṫ go ḃfuiġeaḋ sí sásaṁ agus cúiteaṁ. Aċt fairíor, ní raiḃ aon airgead againn le n-a cur ann, agus dá mbeaḋ féin do ḃí a ḟios againn naċ nglacfaḋ sí uainn é. Do ḃíomar ag cur na ceiste trí ċéile tráṫnóna aṁáin ag binn tiġe an Ḃádóra, nuair dob’ ṡo ċugainn Máirtín beag