Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/57

This page has been proofread.

49

an doras, a cosa gearrṫa gortuiġṫe ag cloċaiḃ cruaḋa an ḃealaiġ, a cuid éadaiġ breacuiġṫe le deannaċ is le smúr an ḃóṫair, agus í tugṫa traoċta sáruiġṫe.

Do ṡuiḋ sí fúiṫi. Do ḃí daoine ag aṁránaiḋeaċt ar an sean-nós. Do glaoḋaḋ ar Ḃríġid Ní Ṁainín ó Ros na gCaoraċ (mar do ḃí a hainm curṫa isteaċ againne ar ṡúil go ḃféadfaimís a cur ann). D’éiriġ an tsean-ḃean, do ċuaiḋ suas, agus do ṫosnuiġ ar “Ċonntae Ṁuiġeo.”

Nuair do ċríoċnuiġ sí, do ḃí an teaċ i n-aon rí-rá aṁáin le gárṫaiḃ, do ḃí sé ċoṁ breaġ sin. Aduḃraḋ léiṫi ceann eile do ráḋ. Do ṫosnuiġ sí ar “Sail Óg Ruaḋ.” Ní raiḃ aċt an ċéad líne de’n dara ceaṫraṁain ráiḋte aici nuair ṫáinig meaḃán éigin ina ceann. Do stad sí agus do ṫosnuiġ uirṫi arís. Ṫáinig an meaḃán uirṫi arís, ṫáinig crioṫnuġaḋ uirṫi, agus do ṫuit sí i lagar ar an árdán. Tugaḋ amaċ as an halla í. Ṫáinig doċtúir ag breaṫnuġaḋ uirṫi.

“Tá sí so ag faġáil ḃáis de’n ocras agus de’n ċruaḋtain,” ar seisean.

Le n-a linn sin go díreaċ do cluineaḋ gárṫa móra istiġ sa halla. Ṫáinig duine de na breiṫeaṁnaiḃ amaċ go deifreaċ.

“Tá an ċéad duais gnóṫuiġṫe agat!” ar

D